Preasráitis
Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - An 28 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,735 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 27 Meitheamh, cuireadh 3 chás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,439* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,439 cás deimhnithe é seo.