Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 10 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 5 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,695* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 9 Meitheamh, cuireadh 9 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,231** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Faoi láthair tá 102 cás deimhnithe de COVID-19 san ospidéal. Díobh sin, tá 29 cás san ICU faoi láthair.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Luain an 8 Meitheamh (25,212 cás):
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte; “Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile amárach (Déardaoin an 11 Meitheamh) chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt agus ullmhacht leanúnach na hÉireann i leith COVID-19. Déanfaidh NPHET athbhreithniú freisin ar threoir nuashonraithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar chlúdaigh aghaidhe agus breithneoidh sí cumarsáidí maidir le húsáid chuí na gclúdach aghaidhe i suíomhanna pobail.”
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte; “Tá ár ráta téarnaimh anois ag 92%. Cé go dea-scéal é go bhfuil biseach ar fhormhór na ndaoine a tholg COVID-19 ón gcuid is measa den tinneas, tá go leor daoine a bhfuil éifeachtaí fadtéarmacha ag cur isteach orthu go fóill lena n-áirítear tuirse agus cumas aclaíochta laghdaithe. Seachain an galar nua neamh-intuartha seo trí chomhairle sláinte poiblí a leanúint - do láimhe a ní go rialta, scaradh fisiceach agus béasaíocht casachta/sraotha.”
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 1,695 bás an méid sin.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,231 cás deimhnithe é seo.