Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 2 Nollaig 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil cúigear le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,074 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anoia.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 01 Nollaig, cuireadh 270 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 73,066* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 73,066 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 231 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 27 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá sé tábhachtach an dul chun cinn atá bainte amach againn le seachtainí beaga anuas a choinneáil suas. Tá an mhinicíocht 14 lá is ísle COVID-19 san AE ag Éirinn de réir na bhfigiúirí ECDC is déanaí agus caithfimid an figiúr sin a dhaingniú. De réir mar a ghluaiseann an tír go Leibhéal 3, ní féidir linn a bheith bogásach inár bhfreagra ar COVID-19.
"De réir mar a athosclaíonn níos mó seirbhísí, cuimhnigh an bhunchomhairle sláinte poiblí a úsáid mar threoir agus do chuid ama á eagrú agat. Nuair a bhíonn tú amuigh sna siopaí agus ag baint úsáid as seirbhísí, déan iarracht áiteanna ardriosca a sheachaint agus caith aghaidhmhasc nuair nach féidir scaradh sóisialta a dhéanamh ar shráideanna gnóthacha agus in áiteanna plódaithe taobh amugh. Nuair a thagann tú abhaile ó bheith ag siopadóireacht nó ó bheith amuigh faoin aer, cuimhnigh gurb é do lámha a ní do chéad tosaíocht. Dóibh siúd againn nach bhfuil in ann a bheith ag obair ón mbaile, moltar anois aghaidhmhasc a chaitheamh agus muid ag bogadh timpeall ar ionaid oibre gnóthacha faoi dhíon agus i limistéir oibre comhroinnte. Má tá sé i gceist agat taisteal timpeall do chontae, smaoinigh ar cibé an bhfuil sé fíor-riachtanach duit taisteal nó nach bhfuil.
"Tá do ghníomhartha aonair ríthábhachtach dár n-iarracht náisiúnta chun tarchur an ghalair seo a chur faoi chois."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH