Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 24 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 18 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh seisear díobh sin i mí an Mhárta, seachtar i mí Feabhra agus cúigear i mí Eanáir.
4,628 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Máirt an 23 Márta, cuireadh 683 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 232,164 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.*
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 232,164 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 329 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 76 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 18 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 21 Márta 2021, bhí 680,015 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.