Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 01 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,915 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 31 Deireadh Fómhair, cuireadh 552 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 62,002* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 62,002 cás deimhnithe é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 330 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 47 díobh sin san ICU. Cuireadh 17 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH