Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 11 Aibreán 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh duine díobh sin i mí an Mhárta agus bhásaigh an duine eile in Aibreán.
4,785 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 10 Aibreán, cuireadh 303 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
240,945* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 240,945 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 213 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 53 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh seachtar eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 9 Aibreán 2021, bhí 1,045,919 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Dúirt an Príomh-Oifigeach Míochaine Gníomhach, an Dr Ronan Glynn, an Roinn Sláinte: “Tá go leor cúiseanna dóchais ann agus aghaidh á tabhairt againn ar sheachtain nua;
1. Seo an líon is lú cásanna a tuairiscíodh in aon lá ó lár mhí na Nollag. Tá iarrachtaí a phobail ag déanamh fíordhifríochta; tríd ár dteagmhálacha sóisialta a choinneáil íseal tá sé i bhfad níos deacra do COVID-19 scaipeadh
2. Ar maidin bhí an líon is lú daoine san ospidéal le COVID-19 ó dheireadh mhí na Samhna
3. An tseachtain seo caite tugadh an milliúnú vacsaín agus an tseachtain seo ba cheart go dtiocfadh mórathrú ar líon na ndáileoga
4. Tá ár bpáistí go léir ag filleadh ar scoil amárach
5. Ón lá amárach is féidir linn taisteal laistigh dár gcontae.
“Má éiríonn linn an dul chun cinn seo, na vacsaíní agus na bunbhearta sláinte poiblí a choinneáil suas, beidh bealach amach as an bpaindéim seo againn. Idir an dá linn;
1. Lean ort ag obair ón mbaile nuair is féidir. Ná fill ar an ionad obair mar gheall go bhfuil páistí ag filleadh ar an scoil
2. Ní bí ag meascadh taobh istigh le daoine ó theaghlaigh eile
3. Fiú má bhíonn tú ag bualadh le daoine amuigh faoin aer fan amach óna chéile agus ná bí ag bualadh ach le daoine ó theaghlach amháin eile ag an am
4. Má tá siomptóim COVID-19 agat, féin-aonraigh agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun tástáil saor in aisce a shocrú
5. Cuimhnigh nach bhfuil tú cosanta i gceart go dtí coicís tar éis do dhara vacsaíniú COVID-19."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
*Meán gluaiseachta 5 lá 410.