Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 11 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,826 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair, cuireadh 814 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 42,528 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 204 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 acu sin in ICU. Cuireadh 16 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an daonra iomlán comhairle sláinte poiblí i bhfeidhm go seasta ina saol laethúil; coinnigh do theagmhálacha sóisialta chomh híseal agus is féidir agus coinnigh amach go fisiciúil ó dhaoine eile nuair is gá duit a bheith amuigh as do theach.
"Tá rátaí minicíochta 7 lá ag 22 as 26 chontae mar chéatadán de rátaí minicíochta 14 lá os cionn 50%. Léiríonn sé sin rátaí fáis atá ag méadú go tapa ar fud na tíre."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH