Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 14 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu.
4,534 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 13 Márta, cuireadh 384 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 226,741* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 226,741 cás é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 349 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 86 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 17 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 11 Márta, bhí 589,512 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.