Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 28 Feabhra 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhain na básanna sin go léir le mí Feabhra.
63 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 41 - 86 an raon aoise.
4,319 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 27 Feabhra, cuireadh 612 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 219,592 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 554 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 133 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 25 Feabhra, bhí 409,529 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Ó deimhníodh an chéad chás de COVID-19 in Éirinn i mí Feabhra seo caite, tá ár saol athraithe ar bhealaí nár shamhlaíomar riamh.
"Tá níos mó ná 6,300 duine ar oileán na hÉireann básaithe mar gheall ar COVID-19. Cuimhnímid orthu agus ar a dteaghlaigh agus a gcairde, chomh maith leis an iliomad atá fós go dona tinn nó atá ag déileáil le riochtaí sláinte fadtéarmacha mar gheall ar an ngalar seo.
"Tá an-obair déanta ag ár gcomhghleacaithe ar fud gach cuid dár gcóras sláinte. Ba chóir dúinn a bheith thar a bheith bródúil as an dúthracht agus an athléimneacht atá léirithe, agus atá fós á léiriú, ag gach duine a bhfuil baint acu leis an bhfreagairt seo.
"D'fhulaing beagnach gach earnáil agus pobal ar bhealaí narbh fhéidir a shamhlú an t-am seo anuraidh. Bhí tionchar ollmhór ag an bpaindéim seo agus ag an bhfreagairt sláinte poiblí ar shaol agus ar shlí bheatha daoine. Ach léirigh sé chomh maith gur féidir linn oibriú i dteannta le chéile leis an méid a bhí riachtanach chun a chéile a chosaint a bhaint amach.
"An Earrach seo caite, thugamar faoin dúshlán a bhí os ár gcomhair le díograis. Cé go bhfuil an díograis sin imithe i léig, go híorónta, tá níos mó cúiseanna dóchais anois againn anois ná mar a bhí aon uair eile le bliain anuas;
"Tá píósa le dul againn fós. Tá líon na gcásanna fós i bhfad ró-ard agus caithfimid gach ar féidir linn a dhéanamh chun an galar a choinneáil faoi chois sna seachtainí romhainn. Ach má éiríonn linn é seo a dhéanamh le linn mhí an Mhárta, beimid in ann díriú ar rudaí ar féidir linn a dhéanamh seachas rudaí nach féidir linn a dhéanamh.
"Sea, caithfimid a bheith aireach agus sea, beidh dúshláin ann sna míonna amach romhainn. Ach le chéile, tríd an eolaíocht agus dlúthpháirtíocht, tiocfaimid slán as an bpaindéim seo."