Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh, an 8 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 2 dhuine de thoradh COVID-19.
Tá 1,947 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Sathairn, an 7 Samhain, bhí 542 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 65,394* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
(*Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 3 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 65,394 cás deimhnithe.)
Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu:
Ag 2pm inniu, tá 283 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 39 díobh sin san Aonad Dianchúraim. Tá 13 n-othar bhreise curtha chuig an ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.
CRÍOCH