Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 12 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 3 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,705* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Déardaoin an 11 Meitheamh, cuireadh 13 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,250* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Faoi láthair tá 83 cás deimhnithe de COVID-19 san ospidéal. Díobh sin, tá 28 cás san ICU faoi láthair.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 10 Meitheamh (25,237 cás):
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Beidh tionchar ag an víreas COVID-19 ar an mbealach a mbogaimid thart inár saol laethúil go ceann i bhfad, ach chonaiceamar cheana conas is féidir lenár ngníomhaíochtaí scaipeadh an víris a rialú. Trí leanúint ar aghaidh ag obair le chéile, ag cur ár n-iompraíochtaí nua i bhfeidhm, is féidir linn scaipeadh an ghalair a theorannú."
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 1,705 bás é seo.**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,250 cás deimhnithe é seo.