Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,841 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Déardaoin an 15 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,000 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 47,427* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 246 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 acu sin in ICU. Cuireadh 13 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá líon na gcásanna ag méadú i gcónaí. Faoi láthair, ní mór do gach duine a gcuid teagmhálacha sóisialta a laghdú chomh híseal agus is féidir. Gach uair a bhíonn tú ag idirghníomhú go fisiciúil le duine eile, tá tú ag tabhairt deis don víreas scaipeadh."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 47,427 cás deimhnithe é seo.