Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,801* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 1,801 é seo.)
Amhail meán oíche Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 470 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 37,063* * cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois. (**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 37,063 é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Is ábhar mór imní an cás go náisiúnta agus tá NPHET ag moladh anois nár cheart go mbeadh níos mó ná 2 theaghlach le chéile ag aon am faoi leith. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh gach duine - teaghlaigh, cairde agus comharsana - teorainn leis na deiseanna atá ag an víreas seo bogadh ó dhuine go duine agus stop a chur le scaipeadh an ghalair i measc teaghlach. Iompair tú féin amhlaidh is go bhfuil an víreas agat agus coinnigh tú féin agus na daoine mórthimpeall ort sábháilte - ná glac riosca trí chruinnithe a eagrú le níos mó ná teaghlach amháin eile."
CRÍOCH