Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 12 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,827 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 11 Deireadh Fómhair, cuireadh 825 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 43,351* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 43,351 cás deimhnithe é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 224 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 32 díobh sin in ICU. Cuireadh 20 san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH