Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 21 Nollaig 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 2,158 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 20 Nollaig, cuireadh 727 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 80,267* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 2pm inniu tá 241 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 29 acu sin in ICU. Cuireadh 18 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Is cúis mhór imní dúinn treochtaí an ghalair atá againn faoi láthair Tá an scéal ag dul in olcas go tapa le cúpla lá anuas. Fógraíodh 3,837 cás san iomlán le 7 lá anuas. Tá an meán rollach cúig lá méadaithe ó 339 an 17 Nollaig go 616 an 21 Nollaig, méadú 82%. Tá sé chomh tábhachtach anois agus a bhí sé i mí an Mhárta do theagmhálacha a theorannú agus do ghaolta a chosaint."
Dúirt an Dr Lorraine Nolan, Príomhfheidhmeannach, Údarás Rialála Táirgí Sláinte:
“Fáiltímid inniu roimh fhógra an-suntasach ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ina moladh an chéad vacsaín do COVID-19 san Eoraip a cheadú. Is forbairt lárnach í inár n-iarrachtaí leanúnacha dul i ngleic leis an bpaindéim seo. Beidh sí seo mar chuid bhreise inár sraith gníomhartha sláinte poiblí chun muid a chosaint ar COVID-19."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET:
“Tá an víreas ag tarchur go han-tapa, níos tapa ná mar a chonaiceamar ag pointe ar bith ó mhí an Mhárta. Tá líon na gcásanna ag fás 5-7% ar a laghad in aghaidh an lae agus ar fud gach aoisghrúpa chomh maith."
Dúirt an Dr. Cillian De Gascun, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Saotharlainne Tagartha Náisiúnta maidir le Víris;
“Go dtí seo, níor aimsíodh an leagan nua de SARS-CoV-2 na Ríochta Aontaithe in Éirinn. Mar sin féin, mar is eol dúinn go bhfuil an t-athróg ag scaipeadh sa Ríocht Aontaithe ó Mheán Fómhair, mar sin ní féidir linn an fhéidearthacht go bhfuil an leagan in Éirinn a eisiamh cheana féin. Táimid ag tabhairt tosaíochta do sheicheamh cásanna le naisc dheimhnithe nó amhrasta leis an RA."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 20 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 20 Noll 2020) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 20 Noll 2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (20 Noll 2020) |
Éire | 727 | 122.4 | 5,827 |
Dún na nGall | 44 | 273.9 | 436 |
Lú | 21 | 240.5 | 310 |
Cill Chainnigh | 51 | 226.7 | 225 |
Loch Garman | 48 | 199.7 | 299 |
Ceatharlach | <5 | 191.5 | 109 |
An Cabhán | 6 | 177.2 | 135 |
Laois | <5 | 173.6 | 147 |
Luimnigh | 35 | 164.7 | 321 |
Muineachán | 15 | 148.2 | 91 |
Baile Átha Cliath | 311 | 142.6 | 1,921 |
Longfort | 0 | 141.9 | 58 |
Ciarraí | 24 | 124.6 | 184 |
An Mhí | 24 | 118.9 | 232 |
Maigh Eo | <5 | 111.1 | 145 |
Port Láirge | 16 | 107.6 | 125 |
Sligeach | 8 | 103.8 | 68 |
Cill Dara | 21 | 89.4 | 199 |
Cill Mhantáin | 11 | 72.3 | 103 |
Tiobraid Árann | 5 | 65.8 | 105 |
Corcaigh | 44 | 57.8 | 314 |
Uíbh Fhailí | 0 | 57.7 | 45 |
Gaillimh | 15 | 51.5 | 133 |
Ros Comáin | 6 | 51.1 | 33 |
An Iarmhí | 5 | 47.3 | 42 |
An Clár | 9 | 32 | 38 |
Liatroim | <5 | 28.1 | 9 |