Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain, an 25 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,606* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag 11am, Dé Luain, an 25 Bealtaine, bhí 59 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 24,698 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé Sathairn, an 23 Bealtaine (24,593 cás):
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
"Is fianaise é líon na gcásanna nua agus na mbásanna tuairiscithe le seachtain anuas gur éirigh linn, mar thír, COVID-19 a smachtú. Bhí gá le bearta diana chun é seo a dhéanamh. Ní bheidh aon éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag deireadh a chur le roinnt de na bearta i rith Chéim 1 ar fhorleithne an ghalair le tabhairt faoi deara ar feadh seachtain eile."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
"Is léir ó thaighde atá déanta thar ceann na Roinne Sláinte, gur dóigh le 61% den phobal go mbeidh dlús faoi scaipeadh COVID-19 an athuair.
"Cé go bhfuil NPHET ag leanúint le monatóireacht a dhéanamh ar scaipeadh COVID-19, anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, i ndeireadh na dála, braitheann scaipeadh an víris seo ar iompar an duine aonair. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le lámha a ní go rialta, le scaradh fisiciúil agus le béasaíocht casachta/sraotha."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:
"Má tá siomptóim a bhaineann le riocht ar bith ar dhuine, lena n-áirítear siomptóim a bhaineann le riochtaí a bhfuil cláir scagthástála bunaithe lena n-aghaidh, tá sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir gan mhoill agus gan a bheith ag fanacht le haghaidh gnáthchoinne scagthástála. Tá clinicí dochtúirí teaghlaigh oscailte i rith na paindéime agus is féidir le daoine freastal ar na clinicí seo."
CRÍOCH
*Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 2 bhás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,606 bás.