Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 30 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,053 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 29 Samhain, cuireadh 306 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 72,544* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 72,544 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 244 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh triúr in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH