Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 20 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 13 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,865 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 19 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,269 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 52,256* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 52,256 cás deimhnithe é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 312 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 díobh sin san ICU. Cuireadh 13 san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH