Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn, 26 Nollaig 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu faoi 6 bhás nua a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,200 bás a bhaineann le COVID-19 tar éis tarlú in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 25 Nollaig, tá an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte curtha ar an eolas faoi 1,296 cás deimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn. Ar an iomlán, tá 85,394 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:
"Don dara lá as a chéile, tá breis agus míle cás deimhnithe de COVID-19 á thuairisciú againn. Laistigh de cúpla seachtain tar éis na bearta a éascú ag tús mhí na Nollag, tá leibhéil fhíorarda de COVID-19 ag dul thart sa phobal arís, leibhéil nach bhfuil feicthe againn ó bhí buaicphointe na Dara Ráige den ghalar seo ann. Is cúis mhór imní é sin.
"Cé gur lá dearfach é seo agus an vacsaín de chuid Pfizer/BioNTech (Comirnaty) tagtha chugainn, ní chiallaíonn sé sin gur féidir linn neamhaird a thabhairt ar na bearta sláinte poiblí.
"Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag fanacht sa bhaile agus teagmháil shóisialta a sheachaint nuair is féidir, gan dul ar cuairt chuig ár gcairde ná ár muintir agus gan cuairteoirí a bheith againn inár dtithe. Is trí chloí leis an gcomhairle sláinte poiblí a bheidh an seans is fearr againn teacht slán ón ngalar seo agus ár gcuid is ár gcairde soghonta a chosaint ó iarmhairtí COVID-19."
Tá eolas cothrom le dáta ar fáil ar an Deais COVID-19 maidir leis na príomhtháscairí a bhaineann le COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH