Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn, an 13 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 5 dhuine de thoradh COVID-19.
Tá 1,705* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé hAoine, an 12 Meitheamh, bhí 46 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,295 * cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Déardaoin, an 11 Meitheamh (25,249 cás):
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte, inniu:
"Ní hionann an méadú atá le tabhairt faoi deara ar líon na gcásanna de COVID-19 inniu agus méadú ar fhorleithne laethúil an ghalair. Nuair a dhéantar anailís ar na cásanna bunaithe ar an dáta ar tógadh na samplaí, tugtar le fios go raibh siad scaipthe thar roinnt laethanta. Tá na táscairí ar fad a bhaineann leis an ngalar cobhsaí nó ag laghdú. Leanfaimid ar aghaidh le dlúthmhonatóireacht a dhéanamh orthu seo gach lá."
CRÍOCH
*Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 5 bhás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,705 bás.
**Tógadh 22 de na samplaí seo ar an Luan (n=12) agus ar an Máirt (n=10) agus bheidís á dtuairisciú ar an Déardaoin agus ar an Aoine de ghnáth ach, mar gheall ar chúiseanna teicniúla mar chuid de ghnáthchleachtas saotharlainne na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL), tá siad á dtuairisciú inniu. Tá rianú teagmhálaithe déanta le haghaidh fhormhór na gcásanna seo cheana féin.
***Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 chás deimhnithe a bheith á dhífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 25,295 cás deimhnithe.