Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 17 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil. Díobh seo, bhásaigh duine amháin i mí an Mheithimh, beirt i mí Mheán Fómhair agus cúigear i mí Dheireadh Fómhair.
Tá 1,849 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,276 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 48,678 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 260 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 acu sin in ICU. Cuireadh 12 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH