Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 10 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,810* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr 1,810 é seo.Tharla 8 gcinn de na 10 mbás a tuairiscíodh inniu roimh Mheán Fómhair 2020.)
Amhail meán oíche Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair, cuireadh 613 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 37,668* * cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois. (**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 8 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 37,668 é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Léiríonn na huimhreacha atá á dtuairisciú inniu agus le seachtain anuas ardú suntasach i bpróifíl COVID-19 in Éirinn.
"Dóibh siúd atá 70+ bliana d’aois agus dóibh siúd atá leochaileach ó thaobh sláinte de mar gheall ar COVID-19, moltar go láidir duit líon na ndaoine a mbuaileann tú leo a theorannú do chroíghrúpa an-bheag de bhaill teaghlaigh, cúramóirí nó cairde, ar feadh tréimhsí gearra ama, agus iad scartha óna chéile go fisiciúil.
"Ní mór dúinn oibriú le chéile arís chun tionchar suntasach a imirt ar líon na gcásanna sa phobal, agus sa deireadh thiar chun líon na ndaoine atá tinn, atá á nglacadh isteach san ospidéal agus i gcúram criticiúil a laghdú, agus seirbhísí cúram sláinte nach seirbhísí COVID iad a chosaint. Molaim do dhaoine i ngach contae an chomhairle sláinte poiblí a leanúint chun stop a chur le scaipeadh breise COVID-19."
CRÍOCH