Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 12 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,965* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,965 bás an méid sin.)
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 11 Samhain, cuireadh 395 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 66,632* * cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 10 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 66,632 cás deimhnithe é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 279 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 39 díobh sin san ICU. Cuireadh 20 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Ní raibh na laghduithe céanna maidir le minicíocht an ghalair le feiceáil i ngach cuid den tír. Mar shampla, tá minicíocht 14 lá Dhún na nGall ag 281 in aghaidh gach 100,000, i gcomparáid leis an meán náisiúnta de 135 in aghaidh gach 100,000.
"Is féidir leis an tír ina hiomláine an galar seo a chur faoi chois go leibhéil ísle sna seachtainí amach romhainn. Tá go leor bainte amach againn thar thréimhse Leibhéal 5 chun an galar a chur faoi chois. Tugann na seachtainí amach romhainn deis dúinn an scaipeadh a laghdú níos mó."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET:
"Measaimid go bhfuil an uimhir atáirgthe anois ag 0.6. Tugann sonraí le tuiscint gur chobhsaigh bearta Leibhéal 3 líon na gcásanna, cé go raibh gá le bearta Leibhéal 5 chun scaipeadh a shárú, go háirithe nuair a bhíonn rátaí ionfhabhtaithe ard. Má choinnímid ag gabháil lenár n-iarrachtaí is féidir linn an t-ionfhabhtú a thabhairt anuas go leibhéil an-íseal."
Dúirt an Dr. Vida Hamilton, Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannaire Grúpa, Ospidéil Ghéarmhíochaine, FSS:
"Táimid ag feiceáil méadú ar fhreastal ar an Rannóg Éigeandála, rud a léiríonn go dearfach go bhfuil an pobal ag leanúint ar aghaidh ag teacht ar chúram sláinte covid agus neamh-covid. Tá ár n-ospidéil gnóthach agus iad ag leanúint ar aghaidh ag cur prótacail rialaithe um chosc ar ionfhabhtuithe i bhfeidhm agus tá ár n-oibrithe cúram sláinte buíoch as tuiscint agus tacaíocht an phobail do na bearta sábháilteachta seo."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH