Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 18 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 4 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,714 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 17 Meitheamh, cuireadh 16 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,355 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Máirt an 16 Meitheamh (25,399 cás):
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin an 18 Meitheamh) agus thug siad ar aird go dtógann thart ar leath díobh siúd a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 sa phobal níos mó ná 2 lá ó thús na siomptóm sula ndéanann siad teagmháil lena ndochtúir teaghlaigh.
"Is iad na bearta is tábhachtaí is féidir le duine a dhéanamh ón nóiméad a mbíonn siomptóim a bhaineann le COVID-19 acu ná féin-aonrú láithreach, srian a chur ar ghluaiseacht teagmhálacha tí agus teagmháil a dhéanamh ar an bhfón lena ndochtúir teaghlaigh."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Seolfar deais nua COVID-19 tráthnóna a thabharfaidh faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, lena n-áirítear líon na gcásanna laethúla, básanna, líon na ndaoine san ospidéal agus ICU agus nuashonrú laethúil ar fhigiúirí tástála.
"Ina theannta sin, tugann an painéal deis do dhaoine monatóireacht a dhéanamh ar líon na gcásanna de COVID-19 ina gceantar áitiúil. Is tasc aonair é bainistíocht COVID-19, agus caithfimid go léir a bheith ar an eolas faoin ngalar inár bpobal, comhairle sláinte poiblí a leanúint agus iompraíochtaí cosanta a ghlacadh."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:
"Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 0.4 agus 0.7 anois. Is ábhar dóchais é a fheiceáil nach dtugann aon cheann de na sonraí le tuiscint go bhfuil méadú suntasach ar tharchur COVID-19 sa phobal ó cuireadh tús le Céim 2."
Dúirt an Dr. Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannaire Cúraim Chomhtháite FSS:
"Is siomptóim choitianta iad siomptóim COVID-19 agus dá bhrí sin b’fhéidir nach mbeadh claonadh ag daoine áirithe cóir leighis a lorg láithreach óna ndochtúir teaghlaigh le haghaidh siomptóm ar nós casacht, gearranáil, athrú ar bholadh nó fiabhras. I gcomhthéacs na paindéime seo iarraimid ort é sin a dhéanamh, chun cabhrú linn scaipeadh COVID-19 a theorannú."
CRÍOCH
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,355 cás deimhnithe é seo.
Déanfar nasc le deais COVID-19 a tvuíteáil tráthnóna inniu ar @roinnslainte. Is comhoibriú é an deais idir an Roinn Sláinte, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, an tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann, HPSC, FSS, agus an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO).