Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 2 Nollaig 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 4,163 cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 545 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 117 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá tionchar dearfach ag na hiarrachtaí breise cloí leis na bearta sláinte poiblí atá á gcleachtadh againn le cúpla seachtain anuas. Táimid ag tosú ar chobhsú a fheiceáil i raon príomhtháscairí minicíochta COVID-19.
"Cé go gcuirtear fáilte mhór roimh an dul chun cinn seo, is cúis imní fós leibhéal an ghalair sa phobal.
"Tá an cobhsú ag tarlú ag leibhéal ró-ard. Tá an mhinicíocht ard atá againn faoi láthair ag tarlú mar gheall ar an athraitheach Delta, rud a chiallaíonn, i dteannta leis an athraitheach Omicron, go bhfuil conair an ghalair fós neamhchinnte. Le seacht lá anuas glacadh 478 duine le COVID-19 isteach san ospidéal agus 46 duine acusan isteach san aonad dianchúraim.
"Tá a fhios againn go bhfuil bearta sláinte poiblí a bhfuil cur amach againn go léir orthu ag obair chun tarchur COVID-19 sa phobal a theorannú. Tá sé deacair an chomhairle sláinte poiblí a leanúint, go háirithe ag an am seo den bhliain, ach tá sé ríthábhachtach go leanaimid í chun conair an ghalair a athrú.
"Nigh do lámha go rialta, coinnigh amach ó dhaoine eile, buail le daoine eile taobh amuigh seachas taobh istigh agus oscail fuinneoga taobh istigh, úsáid sláinteachas riospráide maith, laghdaigh do theagmhálacha sóisialta agus caith do mhasc má mholtar duit é.
"San aoisghrúpa os cionn 75, áit a bhfuil líon ard ag glacadh leis an tríú dáileog de vacsaín COVID-19, táimid ag feiceáil laghduithe suntasacha ar mhinicíocht an ghalair. Is forbairt dhearfach eile í seo agus fianaise bhreise go gcuidíonn an tríú dáileog de vacsaín COVID-19 le cosaint ó na héifeachtaí is measa de COVID-19. Molaim do gach duine, nuair a thagann do sheal, an vacsaín a thairgtear duit a ghlacadh a luaithe a bheidh sí ar fáil.
"Tá an vacsaín fliú séasúrach fós ar fáil do dhaoine fásta chun tú a chosaint ar an bhfliú agus chun scaipeadh an fhliú sa phobal a laghdú. Is féidir le leanaí agus daoine óga idir 2 agus 17 mbliana d’aois an vacsaín fliú sróine a fháil saor in aisce."
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar mhol sonraí COVID-19.
#Cosaint Ilshraitheach chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionfhabhtú COVID19. Tá raon póstaer agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.