Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 25 Feabhra 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 35 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 21 díobh sin i mí Feabhra, 12 i mí Eanáir, duine amháin i mí na Samhna agus tá bás amháin fós á fhiosrú.
85 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 53-102 an raon aoise.
4,271 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 24 Feabhra, cuireadh 613 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 217,478* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 217,478 cás é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 591 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 138 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 20 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 22 Feabhra, bhí 359,616 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Oifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá dul chun cinn maith déanta againn agus is féidir linn a fheiceáil go bhfuil go leor de na príomhtháscairí lena léirítear leibhéil an ghalair inár bpobail ag titim i gcónaí. Is é an dul chun cinn seo an chúis gur féidir linn ár scoileanna a athoscailt ar bhonn cúramach agus de réir a chéile.
"Ní mór dúinn, áfach, cuimhneamh go bhfuil COVID-19 fós ag scaipeadh ar leibhéal ard agus táimid fós ag feiceáil rátaí deimhneachta timpeall 15% sa phobal. De réir mar a fheicimid níos mó dár leanaí ag filleadh ar an scoil an tseachtain seo chugainn, tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag leanúint na treorach sláinte poiblí go léir, lena n-áirítear an turas chun na scoile.
"Cleachtaigh scaradh sóisialta i gcónaí, caith clúdach aghaidhe, ná measc le teaghlaigh eile seachas ar chúiseanna riachtanacha, nigh do lámha, agus an rud is tábhachtaí, déan cinnte nach bhfreastalaíonn leanaí ar scoil má bhíonn siomptóim COVID-19 orthu, de réir láithreán gréasáin FSS, lena n-áirítear fiabhras, casacht, gearranáil, blaiseadh nó boladh caillte. Má bhíonn aon cheann de na siomptóim seo ort, ba chóir duit féin aonrú agus glaoch ar do Dhochtúir Teaghlaigh nó ar sheirbhís GP taobh amuigh d’uaireanta gnó chun tástáil a shocrú."
Dúirt an Dr Lucy Jessop, Stiúrthóir, an Oifig Náisiúnta Imdhíonta:
"Le deich lá anuas, chonaiceamar Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann ag bogadh isteach sa phobal. Tá aithne ag a lán againn ar bhaill teaghlaigh agus ar chairde atá i measc an 360,000 duine a fuair vacsaíniú le seachtainí beaga anuas. Is cúis dóchais é seo dúinn go léir.
"Tá tionchar suntasach ag an vacsaín cheana féin ar ár n-oibrithe cúram sláinte. Sa tseachtain deiridh de mhí Eanáir, tholg beagnach 1,400 oibrí cúram sláinte COVID-19; bhí an líon sin níos lú ná 300 an tseachtain seo caite. Is dea-scéal é seo agus léiríonn sé go soiléir an tionchar atá ag an gclár vacsaínithe.
"Fiú má fuair tú do vacsaín COVID-19, áfach, ní mór duit leanúint de do lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh, achar sóisialta a choinneáil agus do dhlúth-theagmhálacha a choinneáil chomh híseal agus is féidir."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:
"Táimid ag déanamh dul chun cinn suntasach agus leanúnach, cé go bhfuil sé níos moille. Tá an uimhir atáirgthe fós faoi bhun 1, idir 0.6 agus 0.9, agus is an-éacht é sin i bhfianaise tógálacht níos airde an athraithigh B.1.1.7, arb ionann é agus 90% de na cásanna. Tá tionchar dearfach ag ár gcomhiarrachtaí chun scaipeadh an víris a chur faoi chois agus an galar a thabhairt go leibhéil inbhainistithe. Má leanaimid orainn ag obair le chéile, is féidir linn a chéile a choinneáil slán mar go dtugann an clár vacsaínithe cosaint níos leithne."
Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Saotharlainne Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:
"Leanfaidh athraithigh nua ag teacht chun cinn de réir mar a rachaidh COVID-19 in oiriúint dúinn. Cuireann sé seo béim ar thábhacht chlár Faireachais Náisiúnta na hÉireann. An tseachtain seo, beimid ag seicheamhú 15% de na cásanna ag an NVRL."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.