Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 29 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,902 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair, cuireadh 866 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 60,297 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu tá 328 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 43 díobh sin san ICU. Cuireadh 15 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá sé ríthábhachtach féin-aonrú agus glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh chun tuilleadh comhairle a fháil má tá siomptóim COVID-19 agat.
"Ciallaíonn féin-aonrú fanacht i do sheomra agus teagmháil le baill eile de do theaghlach a sheachaint. Cosnóidh sé sin na daoine a bhfuil cónaí ort leo trí chur isteach ar an slabhra tarchuir.
"Iarraim arís ar gach duine é féin a iompar amhail is gur dlúth-theagmhálaí é. Fan sa bhaile, seachas le haghaidh cúiseanna riachtanacha."
Íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19 le hoibrithe agus daoine féinfhostaithe nach féidir leo dul i mbun oibre sa ghearrthéarma toisc go bhfuil teastas liachta acu iad féin a aonrú nó go bhfuil siad tinn mar gheall ar COVID-19. Tá níos mó sonraí ar fáil anseo.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH