Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin An 3 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,777 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Ag meán oíche, Dé Céadaoin, an 2 Meán Fómhair, bhí 95 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 29,206* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu:
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, An Roinn Sláinte:
"Braitheann an víreas ar theagmháil dhaonna. Níl aon athrú tagtha ar an víreas agus níl aon athrú tagtha ar na bearta bunúsacha atá ann chun gach duine a chosaint. Is iad na bearta bunúsacha seo na bearta is tábhachtaí chun COVID-19 a choinneáil faoi smacht. Ná déan dearmad do lámha a ní ar feadh 20 soicind, aghaidhchlúdach a chaitheamh ar bhealach atá sábháilte, gan lámh a leagan ar d’aghaidh, casacht i dtreo d’uillinne, líon do theagmhálaithe sóisialta a laghdú agus spás 2 mhéadar a fhágáil idir tú féin agus daoine eile."
CRÍOCH
*Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 3 chás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh sa 29,206 cás.