Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an11 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 8 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,703 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 10 Meitheamh, cuireadh 8 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,238* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Faoi láthair tá 86 cás deimhnithe de COVID-19 san ospidéal. Díobh sin, tá 28 cás san ICU faoi láthair.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Máirt an 9 Meitheamh (25,230 cás):
Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin an 11 Meitheamh) chun leanúint dá hathbhreithniú ar fhreagairt agus ullmhacht na hÉireann i leith COVID-19.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Mhol NPHET feachtas cumarsáide náisiúnta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh na moltaí reatha maidir le cumhdaigh aghaidhe a mhéadú. Tabharfaidh an feachtas breac-chuntas ar an gcleachtas is fearr maidir le cumhdaigh aghaidhe a úsáid in asraonta miondíola, ar iompar poiblí agus in áiteanna poiblí eile, áit a bhféadfadh sé a bheith deacair scaradh sóisialta a choinneáil."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:
"D’fhan an uimhir atáirgthe seasmhach, idir 0.4 - 0.8 thar roinnt seachtainí. Tá an dá sheachtain amach romhainn ríthábhachtach anois chun tarchur a theorannú, an uimhir atáirgthe a choinneáil íseal agus an víreas a chosc. Is é an chaoi a ndéanaimid caidreamh lena chéile, agus muid ag dul i mbun ár saol laethúil gan srian, a chinnfidh cibé an dtiocfaidh méadú ar an uimhir atáirgthe nó nach dtiocfaidh."
Tá Comhairle Sláinte Poiblí nuashonraithe le fáil ag gov.ie/health.
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,231 cás deimhnithe é seo.