Ráiteas ón bhFoireann Náisíunta Shláinte Phoiblí Éigeandála - Dé Máirt 1 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireacháin um Chosaint Sláinte (HPSC) inniu.
Tá 1,777 duine básaithe de bharr COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Ó bhí meánoíche ann ar Dé Luain 31 Lúnasa, deimhníodh 217 cás nua don HPSC. Tá 29,025* cás den ghalar COVID-19 deimhnithe go dtí seo in Éirinn.
Maidir leis na cásanna a tuairiscíodh inniu:
Tá an HSE i mbun oibre chun daoine a raibh teagmháil acu leis na hothair a aithint agus chun eolas agus comhairle a chur ar fáil dóibh d’fhonn bac a chur ar tuilleadh scaipthe.
Tá eolas suas-le-dáta maidir le príomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar fáil ar an Deais COVID-19.
“Cé gur fograíodh an líon cásanna is airde ó bhí mí na Bealtaine ann, tá an meán gluaiseach 5 lá seasta, ag 115 cás in aghaidh an lae”, arsa Dr Ronan Glynn, An Príomh-Dhochtúir Oifigiúil Gníomhach, An Roinn Sláinte. “In ainneoin sin, líon suntasach cásanna is ea sin agus impím ar gach duine a n-iarrachtaí a mhéadú faoi dhó anois – glan do lámha go minic, déan deimhin de go bhfuil scaradh sóisialta ann idir tú féin agus daoine eile, caith clúdach éadain más iomchuí, fán amach ó áiteanna gnóthacha, bí ar an airdeall maidir leis na siomptóim, déan leithlisiú agus déan teagmháil le do GP má tá aon imní ort.
“Lean le do theagmhálaithe sóisialta a laghdú chun an deis scaipthe a bhaint ón víreas.”
CRÍOCH