Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí - Dé Luain 2 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíodh don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt eile básaithe de bharr COVID-19.
Tá 1,917 duine ar an iomlán básaithe de bharr COVID-19 go dtí seo in Éirinn.
Ag meánoíche ar Dé Domhnaigh an 1 Samhain, bhí fógra faighte ag an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go raibh 767 duine buailte le COVID-19. 62,750* an líon cásanna deimhnithe COVID-19 in Éirinn ó thús na paindéime.
(*Cealaíodh na fógraí ag baint le 19 gcás deimhnithe nuair a bailíochtaíodh sonraí an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte . Cuirtear an méid sin in iúl sa líon cásanna deimhnithe, 62,750.)
Maidir leis na cásanna a deimhníodh inniu:
Ag 2.i.n. inniu bhí 322 othar san ospidéil le COVID-19, agus bhí 44 acu siúd san aonad dianchúraim. Cuireadh 16 duine san ospidéil le 24 uaire anuas.
Tá eolas suas le dáta maidir le príomhtháscairí COVID-19 sa phobal le fáil ar an Deais COVID-19.
CRÍOCH