Ráiteas maidir le Fís Bia an Ghrúpa Déiríochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ráiteas eisithe inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, maidir le cruinniú an Ghrúpa Déiríochta um Fhís Bia inné.
Bunaíodh an Grúpa chun na gníomhaíochtaí don earnáil déiríochta a sainaithníodh sa straitéis Fís Bia 2030 a chur chun cinn, agus á chur san áireamh an ceanglas go gcabhródh an earnáil déiríochta le baint amach na spriocanna a leagadh síos don earnáil talmhaíochta agus úsáide talún sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021.
Thug an tAire McConalogue le fios go raibh an grúpa i mbun plé maidir le saincheisteanna éagsúla, lena n-áirítear ríomh an fhardail astaíochtaí reatha, bealaí chun laghduithe ar astaíochtaí ocsaíde nítriúla agus an dúshlán atá roimh an earnáil déiríochta maidir le hastaíochtaí a chobhsú agus iad a laghdú ina dhiaidh sinn.
Ag tagairt d’imeachtaí an lae inné, dúirt an tAire:
“Is é an tuiscint atá agam ná go raibh rannpháirtíocht chuiditheach ar raon saincheisteanna casta agus deacra i gceist leis na cruinnithe go dtí seo. Tá gá le rannpháirtíocht oscailte sna cainteanna seo ar roghanna éagsúla chun an earnáil a fhorbairt agus chun astaíochtaí a rialú agus a laghdú. Is cinnte nach bhfuil aon mholtaí ag mo Roinnse chun cuótaí nó teorainneacha ar tháirgeadh déiríochta a thabhairt isteach arís. Níl aon toradh réamhchinnte i gceist agus chuir mé de chúram ar an gCoiste machnamh a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh an earnáil agus tuairisciú dom nuair a bheidh na roghanna go léir breithnithe acu.
“Cé nach bhfuil aon ní nach bpléitear, mar an gcéanna, níl aon tograí nithiúla sainithe ag an Roinn cheana féin. Is grúpa é seo atá á stiúradh ag an tionscal atá comhdhéanta díobh siúd atá inár n-earnáil déiríochta ríthábhachtach; feirmeoirí, comharchumainn, próiseálaithe, oifigigh na Roinne agus eolaithe faoi stiúir cathaoirligh thiomanta oilte, an tOllamh Gerry Boyle. Tá muinín agam as an gcoiste seo as páipéar roghanna iomlán a ndearnadh dea-mhachnamh air a thabhairt chun cinn in am trátha.
“Ó mo thaobh féin, táim thar a bheith sásta faoin scéal go raibh imeachtaí an Choiste oscailte agus cuiditheach go dtí seo, agus táim ag tnúth le torthaí dá phlé a fheiceáil. Táim muiníneach go n-úsáidfidh a phléití mar bhonn eolais don obair thábhachtach maidir lena chinntiú go leanann an earnáil déiríochta ar aghaidh ag cur go mór le cruthú fostaíochta agus le geilleagar na tuaithe, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna d’iarrachtaí ár n-oibleagáidí náisiúnta um athrú aeráide agus comhshaoil a chomhlíonadh. Leanfaidh an earnáil déiríochta de bheith ina príomhchuid dár n-earnáil agraibhia agus dár ngeilleagar foriomlán. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfanfaidh an earnáil láidir agus treán sa todhchaí agus go leanfaidh sí de bheith ina bealach do theaghlaigh feirme chun ioncam cothrom a ghiniúint do na glúnta atá le teacht.”
CRÍOCH