Ráitis N & P do 2020 ar fáil anois
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil ráitis Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) Deireadh Bliana a bhaineann le Eanáir go dtí Nollaig 2020 (eallach amháin) ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie
Níl cáipéisíocht a cuireadh ar aghaidh chuig an Roinn faoin 31 Nollaig 2020 san áireamh agus déanfar sin a phróiseáil in am trátha.
Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don bhliain atá romhainn, agus chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.
Ba chóir d'fheirmeoirí a sháraigh na teorainneacha nó a bhí ag teannadh leo in 2020 dul i mbun idirchaidrimh lena gcomhairleoirí agus smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar mhaolú in 2021, faoina gceadaítear d'fheirmeoirí aoileach beostoic a scaipeadh ar ghabháltas (lena n-áirítear aoileach a fhágann na hainmhithe iad féin ina ndiaidh) suas le 250kg N/ha/bliain. Is féidir Iarratas a dhéanamh ar Mhaolú 2021 anois agus is é an 31 Márta 2021 an dáta deiridh chun sin a dhéanamh.
Is féidir le feirmeoirí atá páirteach i BEAM rochtain a fháil ar a gcuid figiúirí nuashonraithe faoin mBeart Cúnaimh Eisceachtúil ar www.agfood.ie . Tá na figiúirí atá ar fáil cruinn suas go dtí an 31 Nollaig agus is féidir le feirmeoirí an méid den fhigiúr maidir lena sprioc Níotráití a laghdú atá fós le baint amach acu as seo go dtí an spriocdháta an 20 Meitheamh a fheiceáil. Eiseofar litreacha ina sonrófar na figiúirí sin chuig rannpháirtithe BEAM ar fad an tSeachtain seo chugainn.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas:
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear Téarmaí & Coinníollacha an Mhaolaithe Níotráití, le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo: www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-derogation
CRÍOCH