Rannpháirtíocht an phobail maidir le Tionscadail Foraoiseachta a éilíonn Measúnacht Chuí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag déanamh athraithe ar an mbealach a ndéantar tionscadail Foraoiseachta a éilíonn Measúnachtaí Cuí faoin Treoir maidir le Gnáthóga a mheasunú.
Tá gá leis an athrú seo, a thiocfaidh i bhfeidhm láithreach, d’fhonn éifeacht iomlán a thabhairt d’athruithe reachtacha le déanaí mar a rinne I.R. Uimh. 293 de 2021. Mar fhreagairt ar an ionstraim, chuir an Roinn tús le comhairliúchán poiblí athbhreithnithe lena chinntiú go bhfuil rannpháirtíocht iomlán an phobail sa chinnteoireacht maidir le tionscadail a bhféadfadh éifeacht a bheith acu ar shuíomhanna Eorpacha.
Is iad seo a leanas na nósanna imeachta comhairliúcháin nua a bheidh ag baint le hiarratais ar cheadúnas foraoiseachta:
1. Tréimhse chomhairliúcháin 30 lá ar an iarratas ar cheadúnas a fháil. Is amhlaidh atá cheana agus tá iarratais fós ar fáil saor in aisce le feiceáil ar an Amharcóir ar Cheadúnas Foraoiseachta (agriculture.gov.ie). Féadfaidh aon duine den phobal aighneacht a dhéanamh laistigh de 30 lá ón iarratais ar cheadúnas a fhoilsiú. Beidh táille €20 ar aighneacht ar aon iarratas i bhfeidhm.
2. Tosóidh an dara tréimhse comhairliúcháin 30-lá tar éis Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a fháil nó tar éis don Roinn Tuarascáil ar Mheasúnacht Chuí a chur ar fáil, agus foilseofar cáipéisíocht ábhartha ar an Amharcóir ar Cheadúnas Foraoiseachta (agriculture.gov.ie). Má chuirtear NIS isteach leis an iarratas tosaigh ní theastaíonn ach tréimhse comhairliúcháin phoiblí amháin. Is é seo an próiseas nua, agus is próiseas é a chinntíonn comhairliúchán fairsing poiblí maidir le hiarratais ar cheadúnas foraoiseachta. Baineann sé le comhaid atá scagtha isteach le haghaidh Measúnachta Cuí. Déanfar aon chomhaid den sórt sin sa chóras nár cinneadh go fóill, agus iarratais sa todhchaí a chlúdach leis an bpróiseas comhairliúcháin nua seo le héifeacht láithreach.
3. Foilseofar liostaí de na cásanna Measúnachta Cuí seo atá oscailte le haghaidh comhairliúcháin ar leathanaigh Foraoiseachta shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.gov.ie/en/publication/642e6-forestry/#public-consultation. Glacfar le haighneachtaí ar na hiarratais seo nuair a íocfar an táille €20 in aghaidh na haighneachta, cé nach mbeidh aon táille i bhfeidhm má tá aighneacht ar an gcomhad céanna déanta agus íoctha ag duine cheana féin. Tá tuilleadh faisnéise maidir le haighneacht a dhéanamh le fáil anseo: gov.ie - Comhairliúchán Poiblí maidir le hIarratais ar Cheadúnas maidir le Leagan, Foraoisiú, Bóithre Foraoise agus Leasú ón Aer (www.gov.ie).
4. Leanfaidh aon chomhaid atá scagtha amach le haghaidh Measúnachta Cuí na nósanna imeachta céanna agus a rinneadh roimhe seo.
5. Nuair a fhoilseofar cinneadh ceadúnais ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, is féidir le haon bhall den phobal achomharc a chur faoi bhráid an Choiste Achomhairc Foraoiseachta atá le fáil anseo: http://www.agriappeals.gov.ie/forestryappealscommittee/. Beidh an tréimhse ama chun achomharc a thaisceadh laistigh de 14 lá anois ó na cinntí a eisiúint ó 12 Iúil 2021 ar aghaidh. Tá táille €200 ag baint le hachomharc a dhéanamh.