Fógartha ag an Aire Hackett go bhfuil tús curtha le Réamhíocaíochtaí na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí don bhliain 2020
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí 2020 faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS). €5.5 milliún a bheidh á eisiúint chuig tuairim is 1,200 feirmeoir orgánacha ón lá inniu.
Dúirt an tAire,
"Tá ríméad orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois le réamhíocaíochtaí chuig tuairim is 1,200 feirmeoir Orgánacha faoi Scéim Feirmeoireachta Orgánaí na Roinne, coicís níos túisce ná mar a bhí beartaithe, agus níos túisce ná mar a bhí anuraidh. Tá éirithe thar cionn leis an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí maidir le spriocanna na scéime a bhaint amach, agus tá méadú tuairim is 50% tagtha ar an líon heicteár á úsáidtear do tháirgeacht orgánach ó cuireadh tús leis an scéim in 2014."
Dúirt an tAire chomh maith, " bhí áthas orm a bheith ábalta a dhearbhú go mbeidh bliain eile den scéim ann do rannpháirtithe reatha, a bhuíochas sin don méadú suntasach a rinneadh ar bhuiséad orgánach mo Roinne don bhliain 2021. Tá an síneadh seo faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i láthair na huaire lena cheadú, agus beimid ag cur scéala chuig rannpháirtithe i dtús mhí na Nollag maidir le mar a dhéanfaidh siad a gcuid rannpháirtithe a dheimhniú i gcomhair bliain eile.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire,
"Táim uaillmhianach maidir le hearnáil orgánach na hÉireann agus tá sé i gceist agam cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Orgánaice a bhrú chun cinn. Chuir an €4 milliún breise a cuireadh ar fáil sa bhuiséad ar ár gcumas Scéim nua Feirmeoireachta Orgánaí a oscailt arís in 2021 d'iarrthóirí nua, a thabharfaidh tacaíocht do 400 go 500 feirmeoir breise aistriú chuig feirmeoireacht orgánach. Tá méadú ag teacht ar éileamh ar tháirgeacht orgánach anseo sa bhaile agus thar lear, ó thomhaltóirí, agus go deimhin, ó fheirmeoirí. Tacaíonn feirmeoireacht orgánach le cleachtais feirmeoireachta atá níos báúla don nádúr agus le hastaíochtaí a laghdú, agus cuideoidh sé sin linn spriocanna i dtaobh na haeráide agus na bithéagsúlachta a bhaint amach. Táim ag súil go mbeidh mé ag tabhairt tuilleadh fógraí maidir le hathoscailt na scéime go ríghairid."
Nótaí don Eagarthóir :
Is scéim thábhachtach í an OFS faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Tá 1,530 duine páirteach sa Scéim i láthair na huaire agus tuairim is 72,000 heicteár faoi tháirgeacht orgánach.
Tá an réamhíocaíocht atá á heisiúint anois déanta suas de 85% den íocaíocht iomlán atá dlite; agus íocfar an 15% eile sa bhliain 2021 i gcomhréir le Rialacha AE.
Fanfaidh sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm sna seachtainí amach romhainn chun íocaíochtaí a dhéanamh de réir mar a bheidh cásanna OFS á gceadú i leith íocaíochta.
CRÍOCH