Fógraíonn an tAire McConalogue faomhadh a rinne don Tionscadal Píolótach Comhshaol Talmhaíochta Torthaíbhunaithe (an TCTT)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go dtosófar le litreacha faofa a eisiúint inniu do na 5,000 rannpháirtí a roghnaíodh páirt a ghlacadh i dtionscadal an TCTT.
Tá an tionscadal píolótach seo ar cheann de na bearta idirthréimhseacha d’fheirmeoireacht na hÉireann a úsáideann cistiú a fuair an tAire i mbliana do thionscnaimh chomhshaoil. Tá sé mar chuid den tsraith beart a ndéanfar foráil dó sa 10ú leasú ar an gClár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe a d’fhaomh an Coimisiún Eorpach le déanaí.
Ag trácht dó ag seoladh an TCTT, dúirt an tAire McConalogue, “Tá an-bhís go deo orm faoi thionscadal an TCTT mar gheall go gcabhraíonn sé linne, le feirmeoirí agra-chomhshaoil le Comhairleoirí an luach a shainaithint is féidir linn a bhronnadh ar ár gcéad scéim comhshaol talmhaíochta náisiúnta eile trí thriail a bhaint as roinnt beart anois. Sainaithneoidh sé na torthaí comhshaoil agus bithéagsúlachta ó bhearta feirme ar leith fad a bhíonn príomhioncam nua á soláthar d’fheirmeoirí. Cuirfidh sé íocaíochtaí bríocha ar fáil freisin, dar ndóigh, d’fheirmeoirí agus cuirfear a mhéid le suim fhéideartha €12,600 ar fáil i rith an tionscadail phíolótaigh."
Dúirt an tAire freisin, “Bhí gliondar croí orm an leibhéal ollmhór de spéis a thabhairt faoi deara agus a bheith in ann na líonta daoine a ghlacann páirt ann a mhéadú faoi 3,000 duine breise os cionn an togra tosaigh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoimisiún Eorpach as a rannpháirtíocht ann seo le roinnt seachtainí anuas agus as tairbhí tionscadail a aithint agus leanfaimid ag oibriú go dlúth leo ar a chur i bhfeidhm chun cabhrú le heolas a sholáthar don chéad CBT eile a dhearadh”.
Tá spéis ollmhór léirithe ag feirmeoirí Éireannacha i bpáirt a ghlacadh sa tionscadal agus fuarthas breis agus 10,800 iarratas chun páirt a ghlacadh faoin dáta deiridh i lár mhí na Bealtaine. I ndiaidh go ndearnadh breithniú ar na hiarratais seo agus laistigh de pharaiméadair shocraithe thionscadail phíolótaigh den chineál seo, eiseofar faomhadh chun páirt a ghlacadh do beagnach 5,000 rannpháirtí. Is ionann seo agus breis agus dhá oiread an bhunleibhéil rannpháirtíochta a beartaíodh agus cuirfear leibhéal suntasach oiliúna ar fheirmeoirí agus comhairleoirí dá thoradh sin. Cinnteoidh sé freisin go ndéanann sampla suntasach d’fheirmeacha Éireannacha tástáil ar an gcóras scórála torthaíbhunaithe.
Oibreoidh na rannpháirtithe a roghnaíodh anois lena gComhairleoirí chun scór a bhronnadh ar an talamh a tugadh isteach sa TCTT i mbliana lena stádas comhshaoil agus bithéagsúlachta a dheimhniú. I gcomhar lena gcomhairleoir, tabharfaidh feirmeoirí faoi ghealltanais chomhshaoil chun luach comhshaoil gnéithe reatha feirme a mhéadú agus é ina aidhm feabhas a chur ar an scór comhshaoil i mbliain a dó. Íocfar an íocaíocht is mó le feirmeacha a bhfuil an scór is airde acu.
D’fhéadfadh an cur chuige torthaíbhunaithe gnóthachain shuntasacha chomhshaoil agus ioncaim a sholáthar agus ceaptar go nglacfar go tréan leis i scéimeanna comhshaol talmhaíochta faoin CBT nua amach anseo. Cuirfidh an TCTT deis ar fáil chun tástáil a dhéanamh ar an tsamhail thorthaíbhunaithe ar bhonn náisiúnta chun ullmhú don chéad scéim comhshaol talmhaíochta eile a leanfaidh ó GLAS.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir, “Cabhróidh an TCTT leis an luach comhshaoil agus na torthaí geilleagracha a chruthaíonn bearta ar leith feirme a léiriú agus ceadaíonn sé úsáid níos dírithe a bhaint as cistiú - a chruthaíonn tairbhe don chomhshaol agus d’fheirmeoirí araon.
Léiríonn an leibhéal suntasach seo d’infheistíocht i mbearta comhshaol talmhaíochta ar an bhfeirm tiomantas feirmeoirí agus an Rialtais dár spriocanna uaillmhianacha comhshaoil a bhaint amach agus infheistíocht á déanamh i gcomhthráth in ioncaim feirme. Spreagfainn na feirmeoirí go léir a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh a bheith go hiomlán rannpháirteach sa phróiseas trí oibriú go dlúth lena gComhairleoir.”
Is féidir teacht ar shonraí iomlána faoin TCTT ag Gov.ie - Clár Píolótach Comhshaol Talmhaíochta Torthaíbhunaithe (TCTT) (www.gov.ie) Results Based Environment Agri Pilot Programme (REAP)
CRÍOCH