Meabhrúchán faoin Spriocdháta chun Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) a Chur Siar Dé Luain, an 21 Meitheamh 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D, do rannpháirtithe BEAM inniu go bhfuil ndúnfar a rogha chun tréimhse laghdaithe BEAM eile, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021, a roghnú Dé Luain, an 21 Meitheamh 2021.
Is í an tréimhse reatha laghdaithe ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2011. Mar thoradh ar COVID-19 agus an tionchar a d’fhéadfadh sé imirt ar roinnt feirmeoirí i dtaobh a riachtanais laghdaithe Níotráit bhólachta 5% a bhaint amach, scríobh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chuig an gCoimisiún Eorpach in Eanáir 2021 chun síneadh ar an tréimhse laghdaithe a lorg.
D’oscail an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara áis ar agfood.ie an 19 Márta 2021 a cheadaigh feirmeoir a thabhairt le fios dá ba mhian leo an tréimhse laghdaithe níos déanaí ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a roghnú, arbh fhéidir leo a riachtanas laghdaithe 5% a bhaint amach lena linn.
Ón 19 Márta, roghnaigh beagnach 6,000 rannpháirtí BEAM é a chur siar.
Dúirt an tAire, “Tugaim tús áite do sholúbthacht a bhaint amach maidir le tréimhse thagartha BEAM mar gheall gurbh eol dom go raibh baol roimh go leor feirmeoirí an tréimhse thagartha bhunúil a éalú. D’éirigh liom toiliú a fháil ón gCoimisiún Eorpach le hathrú na tréimhse tagartha a éascú agus spreagaim feirmeoirí anois an tsolúbthacht uasta seo a úsáid chun gach rud a dhéanamh is féidir leo chun riachtanais na scéime a shásamh. Caithfidh feirmeoirí glacadh le cur chuige réamhghníomhach lena sheachaint bheith thíos le pionóis. Má cheapann feirmeoir nach féidir leo an riachtanas laghdaithe 5% a shásamh faoin 30 Meitheamh 2011, ba cheart dóibh a roghnú an tréimhse a chur siar agus an tréimhse laghdaithe 12 mhí níos déanaí ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a roghnú.”
Dhearbhaigh an tAire do rannpháirtithe BEAM má roghnaíonn siad an tréimhse a chur siar ach má shásaíonn siad an riachtanas laghdaithe 5% sa tréimhse laghdaithe bhunúil ina dhiaidh sin (ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh 2021), cuirfidh an Roinn ar an eolas iad go bhfuil siad á mbaint ón tréimhse laghdaithe níos déanaí, mura gcuireann siad a mhalairt in iúl don Roinn.
Mheabhraigh an tAire McConalogue d’fheirmeoirí go bhfuil Áireamhán Níotráit Bhólachta BEAM na Roinne ar fáil ar agfood.ie agus tá sé á nuashonrú gach mí. Spreag sé rannpháirtithe úsáid a bhaint as an réimse uirlisí atá ar fáil, an litir mhíosúil ina measc a sheoltar chuig gach rannpháirtí BEAM ina dtugtar cuntas ar a ndul chun cinn aonair go dtí seo ar an laghdú 5% a bhaint amach agus idirchaidreamh a dhéanamh lena gcomhairleoir talmhaíochta, más gá.
Chuir an Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) cúnamh coigeartaithe eisceachtúil sealadach ar fáil d’fheirmeoirí san earnáil mhairteola in Éirinn, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán Forfheidhmiúcháin (AE) 2019/1132 Choimisiún an AE. Cistíodh BEAM trí mheascán de chúnamh AE agus tacaíocht an Státchiste. Cuireadh ar fáil é chun tacú le feirmeoirí mairteola Éireannacha a thug faoi deara gur tháinig titim ar phraghsanna mairteola i gcomhthéacs cur isteach ar an margadh.
Tá eolas breise ar fáil ag gov.ie - Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) (www.gov.ie) Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM)
CRÍOCH