Seachtain na Feasachta ar Shláinte Ainmhithe / Frithmhiocróbaí 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go mbeidh a Seachtain Feasachta ar Shláinte Ainmhithe ar siúl i mbliana i gcomhar le Seachtain Feasachta Frithmhiocróbaí an Domhain (WAAW), ón 18 Samhain go dtí an 24 Samhain.
Is é chéad chuspóir na seachtaine feasacht a mhúscailt ar a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin sláinte ainmhithe a chinntiú chun galar a chosc agus a shrianadh ar mhaithe le feirmeoirí agus úinéirí peataí, go príomha, agus leis an tsochaí i gcoitinne chomh maith. Is é an dara cuspóir feasacht a mhúscailt ar an dúshlán atá ag dul i méid a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach. Imríonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach tionchar ar shláinte an duine, go príomha, ach déanfaidh aon úsáid a bhaintear as frithmhiocróbaigh i sláinte an duine nó i sláinte ainmhithe forbairt agus scaipeadh frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach i mbaictéir a chur chun cinn. Is féidir leis na baictéir chéanna bheith mar chúis le galar i measc daoine agus ainmhithe agus úsáidtear na frithmhiocróbaigh chéanna chun cóir a chur ar ghalair sa dá dhaonra.
Is é an téama uileghabhálach don tseachtain é inbhuanaitheacht amach anseo – ó thaobh cúrsaí geilleagracha, comhshaoil agus sóisialta – i dtaobh sláinte ainmhithe agus úsáid frithmhiocróbán. Príomhghné den tseachtain is ea béim a leagan arís eile ar a thábhachtaí atá sé aon ghalair nua nó choimhthíocha a bhrath go luath chun gur féidir bearta rialaithe a chur i bhfeidhm go pras, chun aon bhriseadh amach a shrianadh. Baineann ríthábhacht le beostoc sláintiúil ar mhaithe le táirgeadh beostoic atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de.
Cuireann ainmhithe sláintiúla freisin le torthaí inbhuanaithe comhshaoil agus sóisialta - déanann sé aschur a bharrfheabhsú in aghaidh gach ainmhí aonair, agus, dá bharr, déanann sé na tionchair ar an aeráid a laghdú, an úsáid a laghdú a bhaintear as frithmhiocróbáin, cinntíonn sé go dtáirgtear bia sábháilte cothaitheach ardchaighdeáin agus go gcosnaítear leas ainmhithe.
Cuirfidh an Roinn sraith seimineáir ghréasáin tráthnóna ar siúl i gcaitheamh na seachtaine maidir le roinnt ábhair shláinte a bhaineann le hainmhithe a bheidh ina n-ábhar spéise d’fheirmeoirí, úinéirí ainmhithe, a dtréidlianna agus, go deimhin, don tionscal agus don tsochaí níos fairsinge. Is é cuspóir na seimineár gréasáin seo cur chuige níos réamhghníomhaí a chur chun cinn i measc an tionscail bheostoic le feabhas a chur ar shláinte ainmhithe agus na rioscaí sláinte poiblí a laghdú a chruthaíonn FFM agus zónóisí.
Ag labhairt dó, dúirt an tAire McConalogue, “Spreagfainn a mhéid daoine agus is féidir amharc ar an tsraith seimineáir ghréasáin seo maidir le saincheisteanna atá ina n-ábhar buartha ní hamháin don phobal feirmeoireachta ach don phobal i gcoitinne freisin. Bhailigh m’fhoireann sraith fhairsing cainteoirí saineolacha ar fiú go mór éisteacht leo, agus déanfar eolas an-áisiúil a roinnt leis an lucht freastail”.
Tá sonraí clárúcháin do na seimineáir ghréasáin ar fáil ar láithreán gréasáin an rialtais ag gov.ie/animalhealth
Leagtar amach na hábhair sna seimineáir ghréasáin éagsúla sa tábla thíos.
Dáta | Ábhair sheimineár gréasáin |
An 18 Samhain | Frithsheasmhacht in Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (a thitfidh amach le tús sheachtain FFM an AE) |
• Talmhaíocht – an bealach a réiteach i dtaobh FFM a bhainistiú – James Russell (Cumann Tréidliachta na Breataine)
• Úsáid fhreagrach a bhaint as antaibheathaigh – John Hanrahan (feirmeoir) agus Mike Burke (PVP)
• Peirspictíochtaí Ospidéil agus DG i dtaobh FFM – an tOllamh Martin Cormican agus an Dr Nuala O’Connor
An 22 Samhain | One Health ag díriú ar zónóisí |
• Bagairtí zónóiseacha atá ag teacht chun cinn – an Dr Helen Roberts, cathaoirleach an DEFRA agus HAIRS
• Zónóisí in Éirinn – an Dr Margaret O’Sullivan, FSS
• Bagairt zónóiseach atá ag teacht chun cinn – Anneta Zintl, UCD
• Galar zónóiseach i measc peataí teaghlaigh – Ciara Táille, Grúpa Tréidliachta Ark |
An 23 Samhain | Sláinte Tréad, a leagann béim ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil réamhghníomhach sláinte thréada chun sláinte a uasmhéadú agus an úsáid a bhaintear as FM a íoslaghdú. |
• Bulcthástáil bainne mar uirlis bhainistíochta sláinte thréad – Ailish Moriarty, Scoláire Nuffield
• Clár seaimpín tréidlia FEIRME – an Dr Fiona Lovatt, ceannasaí cliniciúil an RCVS
• Na tairbhí a bhaineann le DCT roghnaitheach d’fheirmeoirí déiríochta – Finola
• Dúshláin sheadánacha amach anseo ar leibhéal feirme – an Dr James O’Shaughnessy, CVRL
An 24 Samhain | Bagairtí galair atá ag teacht chun cinn |
• TCF i dTuaisceart Éireann in 2001 – an Dr Philip Robinson, Harper Adams
• Iarracht foirne One Health ar shamhaltú COVID a dhéanamh – an tOllamh Simon More, an CVERA
• Bagairt Galar Gormtheanga – Sunita Jeawon, an NDCC
• Ceachtanna bithshlandála a foghlaimíodh ón LPAI – an Dr Damien Barrett, an NDCC
• Eispéireas teaghlaigh de FFM – Mike Magan, an AHI
• Ullmhacht d’Fhiabhras Muc na hAfraice – Gemma Daly, an DAERA |
CRÍOCH