Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh ar an Scéim Cúnaimh Próitéine fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go mbeifear ag tabhairt faoi rialuithe do Scéim Cúnaimh Próitéine na bliana seo go cianda den chéad uair trí úsáid a bhaint as Córas Monatóireachta Limistéir.
Próiseas uathoibrithe agus leanúnach atá i Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh trína mbaintear úsáid as sonraí Satailíte chomh maith le sonraí ó fhoinsí eile chun an ghníomhaíocht talmhaíochta ar dháileachtaí talún ar fad atá dearbhaithe ag feirmeoirí faoin Scéim Cúnaimh Próitéine 2021 a dhéanamh amach.
Chun cur i bhfeidhm an Chórais Monatóireachta Limistéir (AMS) a éascú, ar córas é a bheidh riachtanach sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CAP) i ndiaidh na bliana 2020, tá scéimeanna áirithe á dtabhairt isteach ar bhonn céimnithe in Éirinn idir an dá linn. Cuirfear Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh (CbM) i bhfeidhm do Scéim Cúnaimh Próitéine 2021 sa chéad chéim.
Dúirt an tAire,
"Is céim dhearfach é go bhfuiltear ag tabhairt isteach na Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh nua seo in 2021 i dtreo an CAP a dhéanamh níos simplí trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht agus beidh iliomad tairbhe le baint ag feirmeoirí as chomh maith. I measc na dtairbhí sin beidh, laghdú ar líon na gcigireachtaí ar an bhfeirm agus fógra níos sciobtha a fháil nuair a thagann fadhbanna chun cinn, a thabharfaidh deis d'fheirmeoirí a n-éileamh íocaíochta a leasú gan aon phionós, sa chás go dtagann ceisteanna chun cinn. Tá sé i gceist leis an gcóras nua fógra líon na neamhchomhlíonta a laghdú a mhéid agus is féidir.
Nótaí d'Eagarthóirí:
I measc na dtairbhí a bheidh de thoradh ar an gcóras Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh beidh
• Laghdú ar líon na gcigireachtaí ar an bhfeirm,
• Fógra níos sciobtha a fháil nuair a thagann fadhbanna/saincheisteanna chun cinn
• Beidh feirmeoirí ábalta freagra a thabhairt ar cheisteanna trí ghrianghraif geoi-chlibeáilte a sheoladh isteach nuair is cuí
• Beidh an deis ag feirmeoirí a n-éileamh íocaíochta a leasú gan aon phionós
Cúlra na Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh
Thug an Coimisiún Eorpach isteach athruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 809/2014 a thug cead do Bhallstáit (MS) an rogha Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh a úsáid in áit na rialuithe ar an láthair (OTSC) atá ann i láthair na huaire.
Beifear in ann fógra a thabhairt d'iarratasóirí ar an Scéim Cúnaimh Próitéine maidir le neamhchomhlíonadh le riachtanais na scéime a d'fhéadfadh a bheith i gceist maidir le cineál bairr nó gníomhaíocht leis an bpróiseas Seiceálacha trí Mhonatóireacht a Dhéanamh in 2021.
Sa chás go dtugtar neamhchomhlíonadh faoi deara, eiseofar fógra ar an gcóras BPS ar líne. Má tá feirmeoir cláraithe chun meabhrúcháin a fháil ar téacs, eiseofar téacs chuige chun a chur in iúl dó go bhfuil fógra ar a gcuntas BPS.
Sa chás go bhfuil iarratas déanta ag feirmeoir ar líne trí chomhairleoir, gheobhaidh an comhairleoir fógra tríd an gcuntas BPS ar líne maidir le duine ar bith dá chliant/cliant. Gheobhaidh feirmeoirí a rinne iarratas trí chomhairleoir meabhrúcháin trí téacs sa chás go bhfuil siad cláraithe don tseirbhís sin.
Is féidir grianghraif geoi-chlibeáilte nó aon cháipéis eile a iarraidh mar chuid den fhógra. I gcásanna áirithe d'fhéadfadh gá a bheith ann an suíomh ar an talamh a dheimhniú trí chuairt a thabhairt ar an bhfeirm
Scéim Cúnaimh Próitéine
Is scéim tacaíochta deonach ceangailte í an Scéim Cúnaimh Próitéine a tugadh isteach in 2015. Cuirtear tacaíocht ar fáil maidir le bairr próitéine a fhás chun dul i ngleic leis an méid atáimid ag brath ar phróitéin allmhairithe le húsáid i mbeatha ainmhithe. Chomh maith leis sin, tá tairbhí timpeallachta tábhachtacha ag baint leis na bairr sin, mar gur bairr fhosaithe nítrigine iad. Athraíonn rátaí íocaíochta bliain ar bhliain ag brath ar an méid heicteár a ndéantar éileamh ina leith in aon bhliain faoi leith, laistigh d'uasteorainn airgeadais. Ba ionann an uasteorainn sin agus €3m in 2020 agus is ionann sin agus €3m in 2021 chomh maith.
CRÍOCH