Seimineár ar an Treoir um Thrádchleachtais Éagothrom agus Ombudsman Náisiúnta Bia/ Rialtóir a bhunú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh an chéad Bhreithneoir riamh den Chód Grósaeireachta, Christine Tacon CBE, ag tabhairt aitheasc i seimineár eolais ar rialacháin na Treorach um Thrádchleachtais Éagothrom , agus bunú Oifig an Ombudsman Náisiúnta Bia nua (ONB) / Rialtóir.
Dé hAoine seo chugainn, 25 Meitheamh, óstálfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara seimineár eolais poiblí ar na Rialacháin a bhaineann le Trádchleachtais Éagothrom agus an comhairliúchán poiblí a bhí ann le déanaí ar oifig nua an Rialtóra ONB.
Beidh an seimineár ar siúl go fíorúil via Webex ó 10am go dtí 11.30am, agus is féidir clárú ar Eventbrite: www.eventbrite.com/e/information-webinar-on-utp-regulations-national-food-ombudsmanregulator-tickets-158097496869
Tá an seimineár eolais á reáchtáil i ndiaidh comhairliúcháin poiblí náisiúnta a bhí ann mar gheall ar oifig an Rialtóra / ONB a bhunú, inar léiríodh suim ollmhór.
Cuirfear i láthair achoimre ghearr ar thuairimí a fuarthas tríd an gcomhairliúchán poiblí maidir le hOifig an Ombudsman Náisiúnta Bia nua / Rialtóra nó a comhionann a bhunú, agus áireofar freisin cur i láthair ón gcéad Bhreithneoir riamh den Chód Grósaeireachta, Christine Tacon CBE.
Ag labhairt dó roimh an imeacht, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD:
“Tá áthas orm go mbeidh Christine Tacon, Iar-Bhreithneoir Chód Grósaeireachta na Ríochta Aontaithe ag labhairt ag an seimineár agus táim ag súil le cloisteáil faoin taithí a bhí aici sa ról sin. Tá ardmheas ar Ms Tacon, ní hamháin as a ról mar Bhreithneoir den Chód Grósaeireachta, ach as obair eile atá déanta aici don earnáil talmhaíochta agus bia.
“Táim tiomanta d’Ombudsman Náisiúnta Bia / Rialtóir a sheachadadh ag a mbeidh cumhachtaí dáiríre. Luadh an oifig mar ghealltanas i gClár an Rialtais mar ba mhaith linn oifig a sheachadadh a fhreastalóidh ar gach cuid den slabhra soláthair chun trédhearcacht níos mó a sholáthar.
“Tá sé mar aidhm agam go gcuirfidh an Oifig seo trédhearcacht ar fáil do gach earnáil. Táim den tuairim go bhfuil sé riachtanach go mbeidh tuilleadh trédhearcachta ag an slabhra bia chun athdhearbhú a thabháirt dár dtáirgeoirí tosaigh agus dár bhfeirmeoirí go bhfuil siad ag baint luach a saothair as an obair chrua a dhéanann siad chun bia den scoth a chruthú ata inmharthana agus sábháilte.”
Beidh ról ag oifig an Ombudsman / Rialtóra freisin maidir le forfheidhmiú na treorach um Trádchleachtais Éagothrom (TÉ). Gearrfar fíneáil de suas le €500,00 orthu siúd a fhaightear go bhfuil siad ar sárú na treorach um TÉ nó tréimhse príosúnachta de suas le trí bliana.
Nóta d’Eagarthóirí
1. Go déanach i mhí Aibreáin 2021 shínigh an tAire Mc Conalogue an tIonstraim Reachtúil chun an an Treoir um Thrádchleachtais Éagothrom a thrasuí sa dlí Éireannach.
2. Beidh éifeacht ag na Rialacháin ó 1 Iúil 2021 do chonarthaí nua. Beidh tréimhse bliana amháin ag baint le conarthaí idir soláthróirí agus ceannaitheoirí a comhaontaíodh tar éis 28 Aibreán 2021 chun go mbeidh siad ag comhlíonadh an dlí, i.e. roimh 28 Aibreán 2022.
3. Is eochairthiomantas é bunú Oifig an Ombudsman Náisiúnta Bia / Rialtóra nó Ofig comhionainn, a bhí i gClár an Rialtais. Beidh an Údarás nua freagrach as rialacha an AE a fhorfheidhmiú maidir le cleachtais trádála éagothrom atá coiscthe sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia, agus beidh ról faoi leith aige anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar phraghas agus sonraí margaidh in Éirinn.
Tá an seimineár ag tarlú tar éis comhairliúcháin phoiblí a thabhairt chun críche le déanaí ar na feidhmeanna atá le sannadh don oifig nua. Cabhróidh toradh an chomhairliúcháin le prionsabail and polasaithe a leagan síos atá le háiriú sa bhunreachtaíocht nua chun an oifig a bhunú agus chun cinntí a dhéanamh maidir leis na cumhachtaí agus na feidhmeanna breise a d’fhéadfaí a shannadh.
DEIREADH