Seimineár gréasáin eolais faoi Dhréachtchlár Gníomhaíochta Níotráite na hÉireann a thitfidh amach Dé Luain, an 6 Meán Fómhair
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mian leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an deis a chuirfear ar fáil a mheabhrú do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i seimineár eolais faoi chomhairliúchán Níotráite na hÉireann a bheidh ar siúl tráthnóna Dé Luain, an 6 Meán Fómhair ó 7 go 9.
Tabharfaidh pearsanra na Roinne agus Teagasc cuntas ar an gcúlra a bhaineann leis na hathruithe, na hamlínte don athbhreithniú agus príomhthograí freisin atá faoi réir comhairliúcháin. Spreagann an dá Roinn rannpháirtíocht sa phróiseas agus tá dúil mhór acu éisteacht le dearcthaí na bpáirtithe leasmhara go léir. Cuirfidh an seimineár gréasáin eolais tráthnóna Dé Luain, an 6 Meán Fómhair an deis do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa phlé seo
Éagfaidh na rialacháin reatha ag deireadh 2021 agus caithfear Gníomh Níotráite nua a fhoilsiú ag tús 2022 agus leanfaidh na rialacháin leasaithe i bhfeidhm go dtí 2025.
Le clárú don Seimineár Gréasáin, téigh go dtí an nasc seo a leanas:
https://attendee.gotowebinar.com/register/5406241916556974352
Nóta don Eagarthóir:
Déantar athbhreithniú gach 4 bliana ar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2017 (I.R. 605 de 2017), ar a dtugtar anois na Rialacháin Níotráite, agus tá athbhreithniú na bliana seo le cur i gcrích faoi dheireadh na bliana. Is tábhachtach go gcuirfidh na páirtithe leasmhara go léir leis an athbhreithniú tábhachtach seo.
Is é an dáta deiridh chun freagairtí a fháil an 20 Meán Fómhair 2021. Is féidir an páipéar comhairliúcháin a íoslódáil ó láithreáin ghréasáin na Roinne ag www.gov.ie/agriculture agus www.gov.ie/agriculture
CRÍOCH