Seoladh chlár nua Ealaíne agus Aosaithe san IMMA i gcomhar le hÉire Ildánach fógartha ag an Aire Catherine Martin TD
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán inniu (Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair) go bhfuil comhpháirtíocht nua idir Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) agus Éire Ildánach seolta. Tá an chomhpháirtíocht dírithe ar chur leis an gclár ealaíon do dhaoine níos sine chomh maith le dul i ngleic leis an tionchar a bhí ag clutharú agus bearta scartha sóisialta ar an bpobal níos sine ag an am dúshlánach seo.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
"Bhí ríméad orm i mí Iúil seo caite infheistíocht €500,000 i gclár Cruthaitheachta nua Éire Ildánach do Dhaoine Níos Sine a fhógairt. San áireamh san infheistíocht sin tá síneadh iontach atá le cur leis an gclár ceannródaíoch Ealaíne agus Aosaithe, arna leagan amach ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, atá le seoladh inniu.
"Tá cláir mar seo ag teastáil go práinneach le gníomhú in aghaidh na dtionchar sóisialta a bhaineann le COVID-19 agus is ábhar misnigh é go bhfuil eagraíochtaí mar an IMMA ábalta freagra chomh fuinniúil agus tuisceanach a thabhairt ar riachtanais ár gcuid saoránaigh is leochailí."
Féachtar leis an gcomhpháirtíocht nua dul i ngleic le roinnt de na dúshláin a bhaineann le bheith ag clutharú agus leis an scaradh sóisialta tríd an teacht atá ar imeachtaí fiúntacha cultúir agus taithí ealaíne a chumasú, sa bhaile agus i suíomhanna cónaithe araon. Áirítear sa chlár nua seo:
Tá cúrsa Creative Exchanges Age & Opportunity curtha chun críche ag go leor d'fhoireann rannpháirtíochta cuairteoirí an IMMA i gcomhréir le comhordaitheoirí gníomhaíochtaí tithe altranais. Cuirfidh an IMMA baill den fhoireann rannpháirtíochta agus na comhordaitheoirí gníomhaíochtaí tithe altranais ag obair ina mbeirteanna chun tacaíocht, smaointe agus gníomhaíocht chianda a éascú. Cuirfidh sin tacaíocht luachmhar ar fáil d'fhoirne i dtithe altranais agus i saoráidí cónaithe a bhfuil an tráth is dúshlánaí go dtí seo ina saol oibre curtha díobh acu.
Tabharfaidh an tsraith seo d'fhíseáin inrochtana (fotheidil, tráchtaireacht fuaime) cuireadh don lucht féachana nóiméad ar a sáimhín só a ghlacadh le turas treoraithe ar shaothar roghnaithe ealaíne ó bhailiúchán an IMMA. Beidh na físeáin ar fáil go díreach do comhordaitheoirí gníomhaíochta tithe altranais ó líonraí mar Tithe Altranais Éireann, seirbhísí Chumann Alzheimer na hÉireann agus láithreán gréasáin agus cainéil meán sóisialta an IMMA.
Turais Azure bheo atá oiriúnach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu arna gcur ar fáil ar Zoom agus atá ar fáil do dhaoine atá ag maireachtáil le néaltrú, a dteaghlaigh, cairde agus cúramóirí gairmiúla, arna gcur ar fáil ar bhonn sceidealaithe míosúil do dhaoine aonair agus is féidir le grúpaí tithe altranais iad a chur in áirithe ach iad a éileamh. Clár é Azure atá dírithe ar spásanna atá báúil do dhaoine a bhfuil néaltrú ortha a dhéanamh do ghailearaithe ealaíne agus músaeim ar fud na hÉireann. Cuirfear an turas ar fáil i gcomhar le Cumann Alzheimer na hÉireann agus cuirfear chun cinn é trí Líonra an HSE Dementia Understand Together.
Spreagann gach clár de chuid an IMMA do lucht spéise níos sine plé inar féidir leis na rannpháirtithe a gcuid tuairimí ar shaothair ealaíne an IMMA a roinnt. Leagfaidh na pacáistí acmhainní priontáilte seo béim ar shaothair ar leith i mbailiúchán an IMMA. Áirítear sna pacáistí acmhainní macasamhla ar ardchaighdeán de shaothair roghnaithe ealaíne le sraith cuideachta de leideanna cainte, ag tabhairt struchtúir do rannpháirtithe chun saothair ealaíne a fhiosrú. Is féidir na leideanna cainte seo a leanúint astu féin, in éineacht leis an teaghlach agus cairde, nó is féidir le comhordaitheoirí gníomhaíochtaí iad a úsáid i dtithe altranais nó suíomhanna cónaithe eile le cónaitheoirí. Déanfar na hacmhainní seo a roinnt trí chomhpháirtíochtaí IMMA mar Seaimpíní Cultúir Age & Opportunity agus Cumann Alzheimer na hÉireann.
Tá ainm déanta ag an IMMA dó féin mar an t-údarás ceannródaíocht ar ealaín agus aostacht le deich mbliana anuas. Tá tábhacht níos mó anois ag baint le cláir do dhaoine níos sin, san IMMA agus i bpobail áitiúla araon, de réir mar a théann an pobal in aois agus muid ag maireachtáil le linn na ndúshlán a bhaineann le Covid-19.
Tuigeann an IMMA an éagsúlacht a bhaineann le taithí dhaoine níos sine; ó iad sin atá folláin agus neamhspleách go dtí daoine níos sine atá faoi mhíchumas, agus pobal atá ag maireachtáil le néaltrú, pobal atá ag méadú. Tá dúshláin ollmhóra roimh dhaoine níos sine mar thoradh ar COVID-19 agus táthar fós faoi shrianta i dtéarmaí an teacht atá acu ar imeachtaí agus taithí cultúir.
Dúirt Bairbre Ann Harkin, Coimeádaí: Art & Ageing, IMMA:
"Tugann an maoiniú seo deis luachmhar don IMMA cur leis an méid daoine a bhfuil teacht acu ar an gclár Art & Ageing atá acu agus cuimhneamh an athuair ar an mbealach gur féidir linn cur leis an lucht spéise atá againn ag an tréimhse dheacair seo. Trí réimse de roghanna a fhorbairt, go digiteach agus neamhdhigiteach araon, táimid muiníneach go mbeidh teacht ag daoine níos sine ar thaithí spreagthach, sásúil a cheanglóidh leis an IMMA agus a bhailiúchán, a fhoireann agus le daoine agus lucht spéise eile a bhfuil an-tóir go deo acu ar an ealaín iad.
"Táimid thar a bheith buíoch don Aire agus d'Éire Ildánach agus dár gcomhpháirtithe tionscadail, Age & Opportunity, Cumann Alzheimer na hÉireann, Gailearaí Butler, MISA Ospidéal San Séamas agus feachtas Understand Together an HSE. Cuireann an obair i gcomhar seo ar ár gcumas dul níos faide ná ballaí an mhúsaeim agus isteach sa phobal agus isteach in árais chónaithe daoine ar fud na hÉireann."
CRÍOCH