Seoladh D'Fhís, Ár dTodhchaí: Comhairliúchán poiblí an Choimisiúin um Chánachas agus Leas
Ó Commission on Taxation and Welfare
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Commission on Taxation and Welfare
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Osclaíonn D'Fhís, Ár dTodhchaí inniu an 20 Deireadh Fómhair 2021. Is é an comhairliúchán poiblí leis an gCoimisiún um Chánachas agus Leas (an Coimisiún) agus tá tuairimí á lorg aige maidir le gnéithe éagsúla dár gcórais chánachais agus leasa, go háirithe tuairimí maidir leis an gcaoi a maoinítear seirbhísí poiblí amach anseo.
Bunaíodh an Coimisiún níos luaithe i mbliana agus is comhlacht neamhspleách é ar chuir an Rialtas cúram air "athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach is fearr is féidir leis an gcóras cánachais agus leasa tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus athdháileadh ioncaim, agus fostaíocht agus rathúnas méadaithe á gcur chun cinn ag an am céanna ar bhealach athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe agus a chinntiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun íoc as costais na seirbhísí poiblí agus na dtacaíochtaí sa mheántéarma agus san fhadtéarma." Is féidir teacht ar théarmaí tagartha sonracha an Choimisiúin ag gov.ie/cotw.
Soláthraíonn an córas cánachais an infheistíocht a dhéanaimid mar shaoránaigh agus mar ghnólachtaí do na seirbhísí poiblí a úsáidimid - ónár mbóithre agus ár ndroichid, go dtí ár n-ospidéil agus ár scoileanna. Níos mó ná áis tiomsaithe ioncaim amháin, is gné bhunúsach de ghaireas an Stáit é córas cánachais náisiúin, a théann i bhfeidhm ar iompar agus a thiomáineann gníomhaíocht eacnamaíoch.
Dóibh siúd atá in aois oibre, feidhmíonn ár gcóras leasa shóisialaigh chun ioncam a chailltear de bharr tréimhsí dífhostaíochta, díobhála, míchumais, breoiteachta nó máithreachais a athsholáthar go sealadach. Agus i gcás nach leor tuilleamh ó fhostaíocht chun bochtaineacht nó eisiamh sóisialta a sheachaint, déanann ár gcóras idirghabháil chun íosráta a sholáthar nach dtitfidh ioncam faoina bhun. Tá ról ríthábhachtach ag ár gcóras leasa shóisialaigh maidir le caillteanas ioncaim tobann a mhaolú, tacú le teaghlaigh agus fostaíocht a spreagadh do dhaoine i ngach cás.
Le chéile, tá na córais chánach agus leasa ríthábhachtach chun aidhmeanna sóisialta agus eacnamaíocha an rialtais a chur i bhfeidhm. Is iad seo na huirlisí is tábhachtaí atá againn chun eangach shábháilteachta a chur ar fáil, chun foráil a dhéanamh d'athdháileadh ioncaim agus chun íoc as riachtanais ár sochaí. Le chéile, cuidíonn na córais chánachais agus leasa linn ár dtodhchaí féin a chruthú. Agus muid ag leanúint ar aghaidh ag tógáil na leaganacha is fearr de na córais seo, cuidíonn sin ní hamháin linn féin ach freisin leis na glúnta atá fós le teacht. Sin é an fáth a mbreithneoidh obair an Choimisiúin an bealach is fearr chun córais chánachais agus leasa atá dea-dheartha, comhleanúnach agus simplí a sholáthar agus chun margadh saothair lánfheidhmiúil inbhuanaithe a áirithiú ar aon dul le hionchuimsiú gníomhach agus rannpháirtíocht sa tsochaí.
Fiú agus paindéim COVID-19 ag dul in éag, tá dúshláin shuntasacha fós roimh Éirinn, lena n-áirítear ár ndaonra atá ag dul in aois agus an tionchar a bheidh aige sin ar chostas na sláinte agus na bpinsean amach anseo chomh maith leis an méadú ar riachtanais bhonneagair ár ndaonra agus é ag fás, an ghéarchéim aeráide, agus oiriúnú do dhigitiú an gheilleagair. Tá ceann de na cóimheasa fiachais per capita is airde sa domhan forbartha anois ag Éirinn, €43,900 in 2020 agus beidh an féichiúnas iomlán don Stát níos mó ná ceathrú trilliún euro an bhliain seo chugainn. Agus muid ag leanacht orainn ag fáil iasachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo cuirtear lenár leochaileacht agus laghdaítear ar chaighdeáin mhaireachtála na nglún atá le teacht.
Tá an Coimisiún ag smaoineamh ar an mbealach is fearr chun ár gcur chuige i leith an chánachais agus an bheartais leasa a athchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun tacú le rathúnas eacnamaíoch leanúnach, le huileghabhálacht shóisialta níos fearr agus le sochaí agus geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de amach anseo.
Dúirt an tOllamh Niamh Moloney, "Trí bhunú an Choimisiúin um Chánachas agus Leas, thug an Rialtas an deis dúinn tionchar a imirt ar ár dtodhchaí chomhroinnte agus cabhrú lenár gcórais chánach agus leasa dul i ngleic le dúshláin amach anseo agus chun cur leis na deiseanna a thiocfaidh chun cinn. Is féidir le gach duine dul i ngleic leis an ardán D'Fhís, Ár dTodhchaí ar cotw.citizenspace.com. ”
"Is mian linn cloisteáil ón oiread daoine agus is féidir chun a chinntiú go mbeidh réimse éagsúil taithí agus dearcthaí mar bhonn eolais d'fhorbairt thuarascáil an Choimisiúin, atá le teacht i mí Iúil 2022. Ní gá duit a bheith i do shaineolaí ar pholasaí cánach agus/nó leasa chun tuairim luachmhar a bheith agat. Ba mhaith linn cloisteáil ón oiread daoine, grúpaí agus eagraíochtaí agus is féidir agus táimid ag súil le machnamh a dhéanamh ar réimse leathan tuairimí éagsúla agus muid ag leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre an bhliain seo chugainn."
Creideann an Coimisiún gur cheart go mbeadh D'Fhís, Ár dTodhchaí inrochtana do chách. Dá réir sin, tá D'Fhís, Ár dTodhchaí á óstáil ar ardán a chomhlíonann na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán
Téigh go dtí cotw.citizenspace.com
Cuirfear tús leis an gcomhairliúchán poiblí an 20 Deireadh Fómhair 2021 agus beidh sé ar oscailt go dtí an 7 Eanáir 2022.
Tá tuilleadh imeachtaí rannpháirteachais le páirtithe leasmhara beartaithe go luath in 2022 freisin.
Iarrtar ar an gCoimisiún: