Seoladh na Tuarascála Meántéarma ar Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2020-2025 na Roinne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Tuarascáil Mheántéarma ar an Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2020-2025. Ghabh Louise Byrne, Príomhoifigeach Sláinte Plandaí na hÉireann buíochas leis na páirtithe leasmhara go léir as a rannpháirtíocht agus as a rannchuidiú chun na moltaí a chur i bhfeidhm ar fud thrí cholún na straitéise.
Leagtar amach sa Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2020-2025 an tábhacht a bhaineann le sláinte agus bithshlándáil plandaí d'Éirinn chomh maith lena chinntiú go bhfuil na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas faoi na rioscaí do shláinte plandaí, agus a ról agus a bhfreagrachtaí chun an riosca sin a laghdú. Féachann an Straitéis leis an mbagairt do phlandaí mar gheall ar thabhairt isteach agus bunú lotnaidí agus galair plandaí a laghdú.
Soláthraíonn an Tuarascáil Lárthéarma measúnú ar dhul chun cinn thar na hocht moladh déag sa Straitéis. Ar na príomhrudaí is féidir a bhaint amach faoin straitéis seo áirítear Aonad um Anailís Riosca i leith Lotnaidí a bhunú laistigh den Roinn. Déanann an tAonad seo monatóireacht leanúnach ar bhagairtí lotnaidí plandaí atá ag teacht chun cinn agus déanann sé measúnuithe riosca ar na lotnaidí sin a mheastar is tábhachtaí d'Éirinn.
Ar na príomhrudaí eile a baineadh amach go dtí seo áirítear infheistíocht agus uasghrádú saoráidí ag Poist Rialaithe Teorann, leathnú cumais faireachais lotnaidí plandaí, agus raon tionscnamh um ardú feasachta agus oideachais chun tacú le páirtithe leasmhara a gcuid riachtanas reachtaíochta a chomhlíonadh agus sláinte plandaí a chosaint ar bhealach réamhghníomhach.
Ag labhairt dó ag seoladh na Tuarascála Meántéarma, leag Diarmuid Gavin FAO, Ambasadóir na hÉireann um Shláinte Plandaí, béim ar an ról a bhí ag an bpobal i gcoitinne maidir leis an Leamhan Mórshiúil Darach a thascradh i bpáirc phoiblí i mBaile Átha Cliath agus dúirt sé: “Chun sláinte plandaí agus stádas fabhrach sláinte plandaí na hÉireann a chosaint, ní mór do gach páirtí leasmhar, gach saoránach san áireamh, iarracht a dhéanamh i gcomhar lena chéile."
Tuarascáil Mheántéarma ar an Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil Nollaig 2022
Ceapadh Diarmuid Gavin sa ról mar Ambasadóir Dea-Thola an FAO d'Éirinn i mí na Bealtaine 2022. Mar Ambasadóir Dea-Thola, cabhraíonn Diarmuid le FAO sláinte plandaí a chur chun cinn agus poiblíocht a thabhairt don tábhacht a bhaineann le húsáid inbhuanaithe na n-éiceachóras talún a chur chun cinn agus an t-athrú aeráide a chomhrac trí chleachtais níos éifeachtúla, níos cuimsithí, níos athléimní agus níos inbhuanaithe ar féidir tús a chur leo i ngairdíní nó i mboscaí fuinneoige daoine.
Leamhan Mórshiúil Darach – I mí an Mheithimh 2020, tháinig duine den phobal ar an orgánach díobhálach Leamhan Mórshiúil Darach ag páirc phoiblí i mBaile Átha Cliath. Tá stádas Crios Cosanta ag Éirinn don Leamhan seo. Léirigh tuilleadh imscrúduithe gur iompórtáladh an crann seo ó Bhallstát eile den AE agus gur cuireadh in Earrach 2020 é. Baineadh an nead laistigh de 6 uair an chloig, agus d'aithin an saotharlann go foirmiúil é. Scriosadh gach crann Darach ón mbaisce iompórtáilte. Rinneadh dianstaidéar sa cheantar máguaird agus ní bhfuarthas aon cheann eile. Tugadh isteach rialacháin nua iompórtála maidir le hallmhairiú Darach – ceanglais maidir le hairde áirithe, leithead áirithe, saor ó OPM.