Seolann an tAire Hackett an leabhar nua "Wood as a Fuel"
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach as foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett, foilseachán nua dar teideal "Wood as a Fuel" (Adhmad mar Bhreosla) inniu.
Foilseachán cuimsitheach is ea "Wood as a Fuel" le Pieter D. Kofman agus Eugene Hendrick. Pléitear go leor ábhar ann agus clúdaítear gach gné a bhaineann le breosla adhmaid, bunaithe ar an eolas agus fianaise is déanaí. Sna cúig imleabhar atá ann déantar cur síos ar na príomhbhreoslaí adhmaid, is iad sin adhmad tine, slis adhmaid agus millíní adhmaid. Tá eolas mionsonraithe ann faoi fhoinsí amhábhair, na próisis stálaithe, triomaithe agus táirgthe, agus saincheisteanna iompair agus cáilíochta i gcás gach ceann de na breoslaí. Tá go leor samplaí ann de na bealaí atá ar fáil chun cáilíocht agus éifeachtúlacht táirge a fheabhsú. Is é an aidhm léitheoirí a chumasú breoslaí adhmaid ar ardchaighdeán a tháirgeadh agus a úsáid.
Chuir an tAire fáilte roimh an bhfoilseachán, a fuair maoiniú i bpáirt óna Roinn. Ag labhairt di faoin bhfoilseachán, dúirt an tAire:
"Tá tábhacht chultúir shuntasach ag adhmad i stair na hÉireann, agus tá na mílte tithe ag brath ar adhmad mar bhreosla chun a dtithe a théamh leis na glúnta. Míníonn an leabhar an tábhacht a bhaineann le hadhmad a stálú i gceart sula ndóitear é. Tá sé sin ach go háirithe tábhachtach anois go bhfuil straitéis aeir ghlain á forbairt ag an tír seo. Nuair a fhoinsítear agus a úsáidtear bithmhais foraoise go hinbhuanaithe, bíonn ról tábhachtach aige agus sinn ag bogadh ar shiúl ó bhreoslaí iontaise."
Lean an tAire ar aghaidh:
"Tá eolas mionsonraithe sna leabhair seo maidir le foinsí amhábhair, próisis táirgthe, agus saincheisteanna iompair agus cáilíochta i gcás gach ceann de na breoslaí. Tá go leor samplaí ann de na bealaí atá ar fáil chun cáilíocht agus éifeachtúlacht táirge a fheabhsú. Is é an aidhm léitheoirí a chumasú breoslaí adhmaid ar ardchaighdeán a tháirgeadh agus a úsáid."
Tá cur síos ar stair na mbreoslaí adhmaid sna leabhair, chomh maith le cur síos ar cad is adhmad ann agus cén fáth gur breosla chomh húsáideach agus ilúsáideach é. Tugtar achoimre ar chaighdeáin freisin, arb iad cnámh droma thrádáil an bhreosla adhmaid. San imleabhar deireanach, tá achoimre ar an gcleachtas agus fianaise is déanaí faoi dhó adhmaid agus úsáidí nua-aimseartha an bhreosla adhmaid, agus conas a chuireann a n-úsáid inbhuanaithe leis an iarracht chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. Tríd is tríd, cuireann na leabhair léargas nua ar bhreoslaí adhmaid ar fáil, agus is tagairt riachtanach iad do gach duine atá páirteach sa slabhra breosla adhmaid.
Ag labhairt dó faoi sheoladh an fhoilseacháin, dúirt Pieter D. Kofman: "Leis an leabhar "Wood as a Fuel" bhí sé mar aidhm againn breoslaí adhmaid agus a n-úsáid a chur i láthair ar bhealach soiléir intuigthe, chun go mbeidh saothróirí agus conraitheoirí a sholáthraíonn bithmhais foraoise le haghaidh próiseála, chomh maith leo siúd a dhéanann táirgí bithmhaise, in ann a n-obair a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, cost-éifeachtúil agus inbhuanaithe. Leagamar mar údair béim ar úsáid na gcaighdeán ISO maidir le bithbhreoslaí soladacha, mar tugann siad bealach atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta chun formhór na gcineálacha breosla adhmaid ar an margadh a thrádáil agus a dhíol."
Dúirt a chomhúdar Eugene Hendrick:
"Cuireann bithfhuinneamh, agus breoslaí adhmaid go háirithe, nuair a shonraítear iad de réir chaighdeáin ISO agus a fhoinsítear iad ar bhealach inbhuanaithe, bealach aitheanta ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide mar téann siad in ionad breoslaí iontaise. Tá sé ríthábhachtach go ndóitear bithmhais foraoise ar bhealach éifeachtúil glan chun an toradh eacnamaíoch a uasmhéadú agus dul i ngleic le cáilíocht an aeir." Mar fhocal scoir, ghabh sé buíochas le hurraitheoirí an fhoilseacháin "Wood as a Fuel", is iad sin an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Coillte agus Cumann Foraoiseoirí na hÉireann, as a gcuid tacaíochta.
Nótaí d'eagarthóirí:
• Tá cúig imleabhar in "Wood as a Fuel" agus ann déantar cur síos iontu ar na príomhbhreoslaí adhmaid: adhmad tine, slis adhmaid agus millíní adhmaid. Tá eolas cuimsitheach ann faoi fhoinsí amhábhair, na próisis stálaithe, triomaithe agus táirgthe, agus saincheisteanna iompair agus cáilíochta. Tá go leor samplaí ann de na bealaí atá ar fáil chun cáilíocht agus éifeachtúlacht táirge a fheabhsú. Is é an aidhm léitheoirí a chumasú breoslaí adhmaid ar ardchaighdeán a tháirgeadh agus a úsáid.
• Tá an leabhar ar fáil ó Arrow Print tríd an nasc thíos
CRÍOCH