Seolann an tAire Hackett an Scéim Deontais Infheistíochta i bPróiseáil Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu gur osclaíodh an chéad tráinse in 2021 den Scéim Deontais Infheistíochta i bPróiseáil Orgánach le héifeacht ón 1 Meitheamh 2021.
Cabhróidh an Scéim le próiseálaithe orgánacha ar mian leo infheistiú i saoráidí a fhorbairt maidir le próiseáil, ullmhú, grádú, pacáistiú agus stóráil táirgí orgánacha.
Beidh cúnamh ar fáil do thionscadail lasmuigh den fheirm agus is féidir le próiseálaithe iarratas a dhéanamh ar chúnamh deontais a mhéid le €700,000, a chuirfidh méadú breise €200,000 leis an uasteorainn fhoriomlán do gach próiseálaí orgánach i rith fhad na Scéime. Tá méadú €500,000 tagtha ar an gcistiú iomlán don scéim seo in 2021 agus is ionann a bheidh sé agus €1.2 milliún.
Ag fógairt oscailt an tráinse seo, dúirt an tAire Stáit Hackett,
“Leagann an Scéim Deontais Infheistíochta i bPróiseáil Orgánach béim bhreise ar mo thiomantas do gach earnáil de thionscal orgánach na hÉireann a fhorbairt. Tá tacaíochtaí á gcur ar fáil cheana féin d’fheirmeoirí orgánacha ag an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí agus an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh. Cabhróidh an Scéim Deontais Infheistíochta i bPróiseáil Orgánach le próiseálaithe chun táirgí orgánacha a phróiseáil a tháirgeann feirmeoirí orgánacha Éireannacha.”
Dúirt an tAire Stáit, chomh maith,
“Tá deiseanna iontacha ann faoi láthair d’earnáil agraibhia na hÉireann. Leanann an t-éileamh ar thorthaí orgánacha ag dul i méid bliain ar bhliain agus táim go hiomlán tiomanta don earnáil orgánach a fhorbairt mar dheis iontach d’earnáil agraibhia na hÉireann. Tionscnamh breise sa treo sin atá sa Scéim seo. Cabhróidh sé le próiseálaithe orgánacha reatha freastal ar an éileamh atá ag dul i méid ar bhia orgánach, in Éirinn agus thar lear araon.”
Osclófar an Scéim i dtráinsí; osclófar an chéad tráinse seo ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Iúil 2021. Osclófar an chéad tráinse eile ón 1 Lúnasa 2021. Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Deontais, sa mhullach ar fhoirmeacha iarratais, ar fáil ón Aonad Feirmeoireachta Orgánaí, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, Caisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman agus ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/organic-processing-investment-grant-scheme
I ndiaidh gur osclaíodh an Scéim Deontais Infheistíochta i bPróiseáil Orgánach seo, agus tar éis gur athosclaíodh an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí agus an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh ní ba luaithe i mbliana, tá aghaidh á tabhairt againn ar spriocanna Phlean Gníomhaíochta na Roinne 2021 chun tacaíocht níos mó a thabhairt don earnáil orgánach agus é a fhorbairt níos mó.
Nóta d’Eagarthóirí:
Scéim atá sa scéim tacaíochta orgánaí seo a chistítear go náisiúnta go hiomlán chun cabhrú leis an earnáil phróiseála orgánaí a fhorbairt.
Oibreofar an Scéim i dtráinsí; osclófar an chéad tráinse Dé Máirt, an 1 Meitheamh 2021. Tá iarratais le fáil sa phost nó ar ríomhphost faoin 31 Iúil 2021. Osclófar an chéad tráinse eile ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.
Tá na téarmaí agus coinníollacha don Scéim, sa mhullach ar fhoirmeacha iarratais, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.
Is féidir féachaint ar Ráiteas Straitéise (2021-2024) agus Plean Gníomhaíochta 2021 na Roinne ar láithreán gréasáin na Roinne ag an seoladh seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/
CRÍOCH