Seolann an tAire McConalogue comhairliúchán poiblí ar Ombudsman/Rialálaí Bia Náisiúnta a bhunú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seolann an tAire McConalogue comhairliúchán poiblí ar Ombudsman/Rialálaí Bia Náisiúnta a bhunú
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur osclaíodh comhairliúchán poiblí ar an mbunreachtaíocht a theastaíonn chun Oifig nua Rialálaí nó Ombudsman Bia Náisiúnta a bhunú.
Príomhghealltanas i gClár an Rialtais é, agus beidh ról ag an Oifig nua anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí praghais agus margaidh in Éirinn agus déanfar feidhmeanna Údaráis Forfheidhmithe a chuimsiú ann freisin, faoi mar a iarrtar sa Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála. Anuas ar an Oifig nua a bhunú, féadtar rialacha a thabhairt isteach sa bhunreachtaíocht a sháraíonn na rialacha siúd atá sa Treoir CÉT.
Dúirt an tAire McConalogue gur mian leis go gcuirfidh an tOmbudsman Bia leibhéal níos fearr trédhearcachta ar fáil do gach cuid den slabhra soláthair.
Dúirt sé,
“Táim go hiomlán tiomanta do chothroime, cothromas agus trédhearcacht a chinntiú sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia. Céim thábhachtach é bunú na hOifige nua i dtreo sin a bhaint amach. Cabhróidh toradh an chomhairliúcháin seo lena dheimhniú na prionsabail agus na beartais a chuimseofar sa reachtaíocht nua agus na cumhachtaí atá le sannadh don Oifig nua. Spreagaim gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán chun cabhrú le ról na hOifige nua amach anseo a shainiú.”
Dúirt an tAire freisin,
“Tá súil agam go bhfógrófar go luath trasuí na Treorach CTÉ, mar atá sé, tríd an reachtaíocht thánaisteach, mar Ionstraim Reachtúil. Tá deis ar fáil sa chomhairliúchán seo le hionchur a fháil ón bpobal maidir le feidhmeanna breise ar féidir iad agus ar cheart iad a shannadh don Oifig nua.”
Is féidir teacht ar an gcomhairliúchán ag gov.ie - Comhairliúchán Poiblí leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar na feidhmeanna atá le sannadh d’Oifig nua (Ombudsman/Rialaitheoir Bia Náisiúnta)/a Chomhionann (www.gov.ie) agus ag ec.europa.eu/eusurvey/runner/NationalFoodOmbudsmanorRegulatorConsultation2021 agus beidh sé ar oscailt go dtí Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine 2021.
Tugadh faoi chomhairliúchán poiblí roimhe seo ar an Treoir CÉT féin. Is féidir teacht ar léargas ginearálta ar na haighneachtaí a rinneadh faoin gcomhairliúchán sin freisin ag Gov.ie - An Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála (CÉT) (AE) 2019/633 a Thrasuí Aighneachtaí a rinneadh le comhairliúchán poiblí 2019 (www.gov.ie)
CRÍOCH