Seolann an tAire McConalogue Plé Náisiúnta an Chruinnithe Mullaigh Córais Bhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., sonraí inniu faoi shraith ceithre Phlé Náisiúnta ar Chóras Bia na hÉireann. Tá iad seo á gcur ar siúl mar chuid d’idirchaidreamh na hÉireann le Cruinniú Mullaigh Córais Bhia 2021 na Náisiún Aontaithe, atá faoi stiúir a Roinne agus na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
Tá an Plé fíorga, a chuirfear ar siúl san RDS, in ainm is deis a sholáthar do gach páirtí leasmhar, idir tháirgeoirí agus tomhaltóirí, foghlaim faoina gcóras bia agus cur lena inbhuanaitheacht amach anseo. Beidh príomhchainteoir agus painéal páirtithe leasmhara i ngach plé.
Dúirt an tAire,
“Tá páirt ghníomhach á glacadh ag Éirinn san ullmhú do Chruinniú Mullaigh Córais Bhia na NA agus cuirfimid sraith ceithre Phlé Náisiúnta ar Chórais Bhia ar siúl - chun plé a dhéanamh ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, gheilleagrach agus shóisialta chóras bia na hÉireann; anuas ar an méid is féidir linn a chur le córais bhia dhomhanda a threisiú. Beidh fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa phlé agus díreoidh siad ar – bearta praiticiúla ar féidir linn tabhairt fúthu chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht, athléimneacht agus uileghabhálacht ár gcórais bhia sna deich mbliana amach romhainn agus dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) a bhaint amach.”
Cuirfear an chéad Phlé Náisiúnta ar siúl an 21 Aibreán agus díreofar ann ar Chórais Bhia Inbhuanaithe agus ar Straitéis Agraibhia 2030 na hÉireann, a fhoilseofar go luath i bhfoirm dhréachta mar chuid de chomhairliúchán poiblí ar ghnéithe comhshaoil. Cuirfear plé breise ar bun an 26 Aibreán, an 4 Bealtaine, agus an 17 Bealtaine agus a dhíreoidh ar Shláinte agus Folláine Dhaoine agus na Sochaí; Córas Bia Ionchuimsitheach a chur chun cinn don Todhchaí; agus Beartas Intíre agus Eachtrach a Ailíniú i dtreo Córais Bhia Inbhuanaithe, faoi seach.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney T.D.,
“Deis uathúil é an Plé Náisiúnta ar Chórais Bhia do pháirtithe leasmhara Éireannacha go n-éistfear lena nglórtha. Cabhróidh a rannchuidiú le tuiscint níos fearr a fhorbairt ar na dúshláin a bheidh romhainn agus na deiseanna a bheidh ar fáil in Éirinn má chuirimid feabhas ar uileghabhálacht agus inbhuanaitheacht ár gcóras bia. Ceadaíonn seo d’Éirinn rannchuidiú bríoch a thabhairt don chomhrá domhanda ar chórais bhia, ag Cruinniú Mullaigh ar Chórais Bhia na Náisiún Aontaithe san áireamh, a bheidh ar siúl níos déanaí i mbliana.”
Is féidir teacht ar chlárú do gach plé anseo.
Nótaí don eagarthóir:
• Tionólfaidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Cruinniú Mullaigh ar Chórais Bhia in 2021 mar chuid de Dheich mBliana Gníomhaíochta chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach faoin mbliain 2030. Seolfar gníomhartha uaillmhianacha nua ag an gCruinniú Mullaigh chun dul chun cinn a dhéanamh ar gach ceann de na 17 SFI, a mbraitheann gach ceann díobh go pointe áirithe ar chórais bhia níos sláintiúla, níos inbhuanaithe agus níos cothroime.
• Tabharfar iarrachtaí agus rannchuidiú próiseas ranníocaíochta domhanda le chéile in imeacht a bheidh ar siúl roimh an gCruinniú Mullaigh, sa Róimh, an 19-21 Iúil chun an uaillmhian a mhúnlú chun córais bhia a athrú ó bhonn. Tabharfar daoine óga, feirmeoirí gabháltas beag, daoine dúchasacha, taighdeoirí, an earnáil phríobháideach, ceannairí beartas agus airí talmhaíochta, comhshaoil, sláinte, agus airgeadais agus daoine eile nach iad le chéile ag an imeacht trí lá chun an cur chuige fianaisebhunaithe agus eolaíochta is déanaí a sholáthar ó áiteanna timpeall an domhain, chun sraith nua gealltanas a sheoladh trí chomhrialtais ghníomhaíochta, agus maoiniú agus comhpháirtíochtaí nua a spreagadh.
• Tá an Plé Náisiúnta ar Chóras Bia na hÉireann mar chuid d’idirchaidreamh na hÉireann leis an gCruinniú Mullaigh ar Chórais Bhia na Náisiún Aontaithe. Tá an Plé in ainm is éagsúlacht pháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile, glórtha san áireamh arb annamh a chloistear iad agus deis a sholáthar do gach rannpháirtí foghlaim faoina gcóras bia agus cur lena inbhuanaitheacht amach anseo.Tionólann rialtais náisiúnta agus daoine aonair ó gach áit sa tsochaí Plé Cruinniú Mullaigh ar Chórais Bhia. Fógraíodh 67 plé i mBallstáit na Náisiún Aontaithe agus 185 plé neamhspleách go dtí seo.
• Tá a chuid oibre nach mór tugtha chun críche ag an gCoiste ar leagadh dualgas air Straitéis Agraibhia nua go dtí an bhliain 2030 a fhorbairt. Tá Dréachtstraitéis le foilsiú go luath mar chuid de chomhairliúchán poiblí ar a Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Déanfar seo a fhoilsiú ag an tráth céanna a bheidh an Plé Náisiúnta ar siúl agus beidh sé ar fáil lena léamh ar líne.
CRÍOCH