SEOLANN AN TAIRE HACKETT AN CHEARDLANN CNÉ-TALMHAÍOCHTA AG SCOIL BHUAILTEACHAIS GEIMHRIDH BHOIRNE 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu an cheardlann CNÉ-TALMHAÍOCHTA ag Scoil Bhuailteachais Geimhridh Bhoirne i gCinn Mhara, Contae na Gaillimhe. Tá na ceachtanna á n-athbhreithniú ag an gceardlann a foghlaimíodh ó scéimeanna atá á gcur ar bun go háitiúil atá á gcistiú ag Roinn an Aire faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe.
Dúirt an tAire:
“Bhí an rath geal ar na CNÉanna seo anseo in Éirinn. Thugamar faoi deara go raibh gá ann le bealach eile chun scéimeanna a sholáthar ar bhonn níos spriocdhírithe agus b’iontach do na torthaí a baineadh amach. Tá 57 scéim anois againn atá á gcur ar bun go háitiúil agus a reáchtálann mo Roinn idir tionscadail bhithéagsúlachta pobail ar scála beag agus tionscadal Chromán na gCearc, atá i bhfad níos mó. Tá gach ceann díobh ag cur go hollmhór lenár dtimpeallacht a fheabhsú agus ní fhéadfaí seo a dhéanamh murach tiomantas iontach na bhfeirmeoirí agus na bhfoirne tionscadail atá bainteach sna CNÉanna.”
Dúirt Brendan Dunford le hIontaobhas Burren Beo:
“Féile álainn í Féile an Bhuailteachais Gheimhridh ina dtagann feirmeoirí, eolaithe, agus aon duine ar spéis leo feirmeoireacht inbhuanaithe le chéile, le smaointe agus spreagadh a roinnt. Cuireann tionscadail CNÉ-TALMHAÍOCHTA a bhailiú deis ar fáil tionchar an réimse fhairsing tionscadal nuálach seo ar fud na hÉireann a cheiliúradh agus rudaí a fhoghlaim uathu lena chabhrú le heolas a sholáthar do Phlean Straitéiseach nua an CBT. Cuirfidh an lá Feirmeoireacht don Dúlra a bheidh ar siúl Dé Sathairn deis ar fáil éisteacht le feirmeoirí ar an talamh agus a n-eolas ar an bhfeirmeoireacht agus an dúlra agus a ngrá dóibh a roinnt – tá scéal an-dearfach nua á mhúnlú ag na feirmeoirí seo maidir le feirmeoireacht agus an timpeallacht.”
Thapaigh an tAire an deis freisin lena gealltanas a fhógairt do shíneadh a chur le roinnt Tionscadail reatha CNÉ nuair atá siad ceaptha críochnú sa tréimhse bhliana amach romhainn.
Ag trácht dó ar an síneadh, dúirt an tAire Hackett:
“Déanfaidh an chéad an CBT eile go leor den chur chuige spriocdhírithe a bhaint ó na CNÉanna seo agus iad a chur i bhfeidhm ar scála. Sula mbainfimid an pointe sin amach, áfach, ba mhaith liom a chinntiú gur féidir leis na CNÉanna reatha a n-obair a chríochnú, mar gheall go ndearnadh iarracht mhór, mar shampla, grúpaí coimíneachta a chruthú, gnáthóga a athchóiriú agus deireadh a chur le speicis ionracha. Dhéanfadh briseadh sa slabhra seo díobhálach don tírdhreach, an bhithéagsúlacht agus feirmeoirí atá tiomanta tabhairt faoi na tionscadail seo. Beidh mo Roinn ag oibriú anois leis na scéimeanna ábhartha lena spéis a mheas chun a n-obair a shíneadh agus faoi conas is fearr é a chur i bhfeidhm”.
Nótaí d’Eagarthóirí
Imeacht bliantúil foghlama agus líonraithe í Scoil Bhuailteachais Geimhridh Bhoirne a fháiltíonn feirmeoirí, taighdeoirí, lucht déanta beartas agus daoine eile chun teacht le chéile le nuashonruithe agus smaointe a roinnt. Is é téama imeacht na bliana seo “Ár gCeacht a Foghlaimíodh a Thabhairt Anonn”