Seolann an tAire Hackett infheistíocht chun breisoiliúint a chur ar Chomhairleoirí Talmhaíochta san Fheirmeoireacht Orgánach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, infheistíocht mhór óna Roinn inniu chun breisoiliúint a chur ar chomhairleoirí an Chomhlachais Chomhairleach Talmhaíochta (ACA) san fheirmeoireacht orgánach. Tabharfaidh comhairleoirí feirme faoi chlár oiliúna an tEarrach seo a chinnteoidh go mbeidh tacaíocht chomhairleach náisiúnta i bhfeidhm do na feirmeoirí sin ar spéis leo a bheith páirteach sa scéim feirmeoireachta orgánaí.
Dúirt an tAire Hackett
“Tá tacaíocht chomhairleach ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfuil muinín ag feirmeoirí an chéad chéim nádúrtha eile a ghlacadh do go leor acu agus a bheith ina bhfeirmeoirí orgánacha. Léiríonn taighde go bhfuil muinín ag feirmeoirí as comhairleoirí talmhaíochta agus cinnteoidh an oiliúint seo go mbeidh rochtain ag feirmeoirí ar thacaíocht ó na comhairleoirí sin a bhfuil caidreamh láidir oibre acu leo agus a bhfuil tuiscint mhaith acu ar a gcóras feirmeoireachta”.
Dúirt sí freisin
“Leagann an straitéis orgánach náisiúnta amach an gá atá le breisoiliúint a chur ar ár gcomhairleoirí san fheirmeoireacht orgánach. Cabhróidh an oiliúint seo linn ár spriocanna uaillmhianacha sa Chlár don Rialtas a bhaint amach maidir le méadú suntasach a dhéanamh ar an limistéar talún a ndéantar feirmeoireacht orgánach air in Éirinn. Agus costais ionchuir ag ardú spreagfainn na feirmeoirí go léir machnamh dáiríre a dhéanamh ar bheith ina bhfeirmeoirí orgánacha”.
Soláthróidh an infheistíocht oiliúint ar an bhfeirm chomh maith le hoiliúint sa seomra ranga do chomhairleoirí, siúlóidí taispeántais d’fheirmeoirí agus leibhéal saineolais agus comhairle nach bhfacthas riamh roimhe ag an leibhéal áitiúil d’fheirmeoirí leasmhara.
Dúirt an tAire Hackett:
“Tá áthas orm faoinár gcomhoibriú leis an ACA san oiliúint nua seo. Creidim gur cuid thábhachtach é a chuirfidh le ré iomlán nua agus dearfach do thalmhaíocht orgánach na hÉireann. Déanfaidh an ACA comhordú ar fheidhmiú céimneach na hoiliúna seo. Tá comhairleoirí talmhaíochta ag an ACA ar fud na tíre agus tá neart taithí acu ar sheirbhísí comhairleacha talmhaíochta a sholáthar d’fheirmeoirí. Táim ag súil le toradh deiridh na hoiliúna seo a fheiceáil dár bhfeirmeacha agus dár bhfeirmeoirí.”
Dúirt Uachtarán an ACA, Tom Canning go bhfuil
“an-áthas ar ACA agus a chomhaltaí a bheith mar chuid den oiliúint thábhachtach seo, a bheidh luachmhar do thodhchaí na hearnála talmhaíochta. Tá ACA muiníneach go bhfuil deiseanna suntasacha ann d’fheirmeoireacht orgánach in Éirinn, agus cabhróidh an oiliúint seo go mór lenár dtiomantas i leith ár bhfreagrachtaí Náisiúnta agus AE faoi athrú aeráide Farm 2 Fork agus beartais ghaolmhara.”
Dúirt sé:
“Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire Hackett agus tá ACA ag tnúth le bheith ag obair go dlúth lena Roinn agus le gach páirtí leasmhar eile chun rath na feirmeoireachta orgánaí a chinntiú.”
CRÍOCH